Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 January 2018

Tuesday, 16 January 2018

Ceisteanna (1845)

Catherine Connolly

Ceist:

1845. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir leis an aighneacht atá curtha faoina bhráid ag eagraíochtaí éagsúla, lena n-áirítear Comhar na nOileán Teo. agus Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB), maidir le cur leis an 30 scoláireacht chónaithe do scoláirí ó cheantair lasmuigh den Ghaeltacht a chuirtear ar fáil sa chóras iar-bhunoideachais ar Oileáin Árann faoi láthair; soiléiriú ar stádas na haighneachta sin; go háirithe, an bhfuil cinneadh déanta ina taobh; mura bhfuil cinneadh déanta, cén uair a dhéanfar cinneadh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [55055/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Le deich mbliana anuas, tá mo Roinn, faoi réir na gcoinníollacha a bhaineann le Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, ag íoc deontas ar fiú €27 in aghaidh an scoláire in aghaidh an lae le teaghlaigh atá cáilithe go cuí a chuireann lóistín ar fáil do scoláirí ón mórthír a dhéanann freastal ar feadh scoilbhliana iomlán ar cheann amháin den trí iar-bhunscoil ar na hOileáin Árann. Faoin socrú reatha, tá uasmhéid de 30 scoláire ceadaithe agus is ionann sin agus uasmhéid de dheichniúr in aghaidh an trí iar-bhunscoil faoi seach. 

Is ar mhaithe le cur le hinmharthanacht na scoileanna agus dá réir le hinmharthanacht na n-oileán atá an beart seo á mhaoiniú go príomha ag mo Roinn.  Caithfear a chur san áireamh chomh maith, áfach, an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag an iomarca scoláirí ón mórthír ar iompar teanga na scoláirí de bhunadh na n-oileáin.

Tá an aighneacht a bhfuil an Teachta ag tagairt di faighte ag mo Roinn. Déanfar í a bhreithniú i gcomhar leis na páirtithe leasmhara agus eiseofar cinneadh faoi in am trátha.

Barr
Roinn