Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 January 2018

Tuesday, 16 January 2018

Ceisteanna (257)

Peadar Tóibín

Ceist:

257. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe cén fáth nach bhfuil an Ghaeilge luaite leis an bplean Ár Seirbhís Phoiblí 2020; an ndéanfaidh sé cur síos ar na hiarrachtaí atá déanta ag an Roinn an Ghaeilge a chur chun cinn sa tSeirbhís Phoiblí le cúig bliana anuas; cé mhéad airgid atá caite acu gach bliain le cúig bliana anuas ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [54703/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don teachta, tá dualgas uileghabhálach orm i leith an chláir athchóirithe sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí trí chéile.

Tá tagairt shonrach don Ghaeilge sa chlár ‘Ár Seirbhís Phoiblí 2020’ sa rannóg 3 ‘Dea-Thorthaí a Sholáthar dár bPobal – Gníomh 3 Féach chuige go bhfuil seirbhísí ar fáil go héasca ag gach duine’ agus díríonn sé ar chinntiú go mbeadh gach duine den phobal in ann na seirbhísí poiblí go léir a rochtain go héasca, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil riachtanais éagsúla acu agus imircigh agus daoine i gcásanna leochaileacha. Tá fo-ghníomhanna san áireamh sa ghníomh seo ar úsáid a bhaint as teanga simplí as Gaeilge agus seirbhísí poiblí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Is iad seo na fo-ghníomhanna:

- úsáid a bhaint as teanga shimplí mar atá leagtha amach sa Treoirlíne Stíle um Béarla Simplí don tSeirbhís Phoiblí (Plain English Style Guide for the Public Service) a d’ullmhaigh an Oifig Athchóirithe agus Seachadta sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun  eispéireas na gcustaiméirí a fheabhsú agus an gá a bhíonn ag daoine teagmháil a dhéanamh arís agus arís eile a laghdú. Tá leideanna le fáil i bhfoilseachán Bhreacadh, Cuir Tú Féin in Iúl/Get Your Message Across, maidir le teanga shoiléir a úsáid nuair a bhíonn Gaeilge á scríobh;

- a chinntiú go bhfuil seirbhísí poiblí ar fáil as Gaeilge, ar aon dul lena moltar sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010-2030;

Sonraítear sa chlár ‘Ár Seirbhís Phoiblí 2020’ gur ghá táscairí oiriúnacha a fhorbairt leis an leibhéal feidhmíochta a thomhas. Féadfar aiseolas ón bpobal ó shuirbhéanna faoi shástacht na gcustaiméirí a úsáid chun aiseolas díreach a fháil ó chustaiméirí ar an úsáid atá bainte as teanga shimplí sa Ghaeilge agus sa Bhéarla.

Ag teacht le hAlt 10 Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, foilsíodh leagan Gaeilge den chreat, Ár Seirbhís Phoiblí 2020, ar an lá céanna leis an leagan Béarla. Tá an leagan seo ar fáil ar líne ag www.ops2020.gov.ie leis an leabhrán ar an gcreat ‘Achoimre’.

Ar an dul céanna, foilsíodh Plean um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí 2014-2016 as Gaeilge agus tá an plean ar fáil ag www.reformplan.per.gov.ie.

Bhain costas €2310.56 (CBL san áireamh) ar an aistriúchán ar ‘Ár Seirbhís Phoiblí 2020’ agus ar an leabhrán.

Bhain costais leis an obair dheartha ar na foilseacháin Gaeilge agus na foilseacháin bainteach leis an tionscnamh, agus bhí siad san áireamh sa chonradh leis an obair dheartha ar fad a dhéanamh.

Bhain costais €2236.88 (CBL san áireamh) ar an aistriúchán ar an bPlean um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí 2014-2016.

Cé go bhfuil dualgas orm don Ghaeilge sa Státseirbhís, tá dualgais ar Airí eile i leith na teanga sa tSeirbhís Phoiblí níos leithne. Ar deireadh, tá dualgas ar gach Roinn a riachtanas Gaeilge a aithint agus gníomhnú orthu, seirbhísí phoiblí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge i gceantair Ghaeltachta ach go háirithe.

Tá deacracht ag Comhlachtaí Poiblí seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil toisc easpa foirne atá inniúil sa Ghaeilge. Mar thoradh ar an deacracht seo, bíonn deacrachtaí ag Comhlachtaí Poiblí na ceanglais reachtúla ina scéimeanna teanga a chomhlíonadh san amscála atá sonraithe sa scéim teanga. Ina theannta sin, cruthaíonn sé deacrachtaí an chéad scéim eile a aontú, faoi mar a shamhlaítear faoin reachtaíocht, toisc nach féidir le Comhlachtaí Poiblí feabhas a chur ar na seirbhísí atá leagtha amach sa scéim.

Ba é comhaontú seirbhíse idir An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus An Roinn agus An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán (Teideal na Roinne – Feabhra 2013) an chéad chéim leis an gcuspóir le hinniúlacht sa Ghaeilge a neartú sa Státseirbhís a bhaint amach agus socraíodh é i Mí Feabhra 2013. Mar thoradh ar an gcomhaontú seo, tá dualgas ar sholáthar traenalá don Ghaeilge sa Státseirbhís le cinntiú go gcomhlíontar riachtanas eagraíochtúil ar An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta anois.

Mar thoradh ar an gcomhaontú seo, tá chomhaontú conarthach ag Foras na Gaeilge, eagraíocht trasteorainn faoin Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, le Gaelchultúr/ Coláiste na hÉireann le hoiliúint sa Ghaeilge don tSeirbhís Phoiblí a sholáthar. Íocadh suimeanna de €66,666, €57,777, €41,111, €40,000 agus €40,000 don soláthraí seirbhíse sna blianta 2013, 2014, 2015, 2016 agus 2017, faoi seach, i gcomhréir leis an gcomhaontú. 

Ní mór a lua, gan taighde cuimsitheach déanta ar an ábhar, nach féidir an méid atá caite ar sholáthar sheirbhíse trí Ghaeilge a mheas laistigh de thréimhse ghearr ama. Mar gheall ar na réimsí oibre agus na hoifigí atá bainteach leis an soláthar seo, tá an contúirt ann nach bhféadfaí brath ar an taighde sin.

Cheadaigh an Rialtas, mí Dheireadh Fómhair 2013, cur chuige nua le tacú le hinniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís. Rinneadh an cinneadh seo le teacht in áit mharcanna bónais a bhronnadh bunaithe ar inniúlacht sa Ghaeilge le linn chomórtais earcaíochta agus comórtais ardaithe céime sa Státseirbhís. Cuireadh deireadh le marcanna bónais a bhronnadh as inniúlacht sa Ghaeilge in earcaíocht agus comórtais ardaithe céime na Státseirbhís.

Faoin gcur chuige sin, iarradh ar Ranna na poist/ réimsí oibre ina mbíonn daoine le hinniúlacht Gaeilge de dhíth orthu a sainaithint agus iad seo a chur san áireamh ina bpleananna don phleanáil fórsa saothair. Mar chuid den chreat um phleanáil fórsa saothair 2015-2017, iarradh ar Ranna/Oifigí na poist seo a sainaithint. Ag féachaint d’Acht na Gaeltachta 2012, iarradh ar Ranna aird ar leith a dhíriú ar na poist atá lonnaithe nó atá ag freastal ar na ceantair Ghaeltachta. Mar chuid den chinneadh seo, is gá na poist seo le riachtanas Gaeilge a sainaithint sa scéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Rinne, oifigigh ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus comhghleacaithe ó Ranna Rialtais eile, athbhreithniú sa chéad leath de 2017 ar an reachtaíocht nua atá beartaithe, agus thángthas ar an tuairim nach raibh ag éirí leis an gur chuige nua na cuspóirí seo a bhaint amach. Dá réir sin, d’fhoilsigh an Rialtas na Dréacht Chinn de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017 leis an bhfadhb seo a shárú. Tá sé mar aidhm ag an mbille, ina bhfuil forail ann go mbeidh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge, athruithe a dhéanamh ar an mbealach a dhéantar chainteoirí Gaeilge a earcú sa tSeirbhís Phoiblí agus caighdeáin teanga le haghaidh earnálacha éagsúla den tseirbhís phoiblí a thabhairt isteach in ionad chóras reatha na scéimeanna Teanga. Táthar ag súil go méadófaí acmhainneacht chomhlachtaí poiblí seirbhísí poiblí a sholáthar trí Ghaeilge mar thoradh ar an mbille seo.

Barr
Roinn