Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéim na gCúntóirí Teanga

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 30 January 2018

Tuesday, 30 January 2018

Ceisteanna (659)

Pearse Doherty

Ceist:

659. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an gcuirfear Cuntóir Teanga ar fáil do scoil i gContae Dhún na nGall (sonraí curtha ar fáil); agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [4351/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ar mhaithe lena chinntiú go bhfuil Scéim na gCúntóirí Teanga ag feidhmiú ar an gcaoi is fearr is féidir mar thaca don phróiseas pleanála teanga agus an Polasaí don Oideachas Gaeltachta araon, tá mo Roinn ag tabhairt faoi athbhreithniú ar an scéim i mbliana.

Ós rud é go bhfuil éileamh thar na bearta ó scoileanna Gaeltachta le bheith rannpháirteach sa scéim, beifear ag súil leis, de thoradh an athbhreithnithe, go mbeifear in ann aghaidh a thabhairt ar fhreastal níos fearr a dhéanamh ar an éileamh sin.

Barr
Roinn