Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scoileanna Oileáin

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 27 February 2018

Tuesday, 27 February 2018

Ceisteanna (790)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

790. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aici líon na scoláireachtaí do na meánscoileanna ar na hoileáin a mhéadú i mbliana ó tharla go bhfuil an-tairbhe ag baint leis an scéim do na hoileáin agus an-éileamh ar na scoláireachtaí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10076/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar eolas don Teachta, le deich mbliana anuas tá deontas ar fiú €27 in aghaidh an scoláire in aghaidh an lae á íoc ag mo Roinnse le teaghlaigh atá cáilithe faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge i leith scoláirí ón mórthír a chaitheann scoilbhliain iomlán ag freastal ar cheann amháin den trí iar-bhunscoil ar na hoileáin Árann. Anuas air a bheith ag éascú deis don lucht freastail an Ghaeilge atá acu a shaibhriú, aithnítear gur beart é seo a chuireann le hinmharthanacht na scoileanna agus, dá réir, le hinmharthanacht na n-oileán.

Faoin socrú reatha, tá uasmhéid de 30 scoláire ceadaithe (uasmhéid de 10 in aghaidh an oileáin). Is iad na hiar-bhunscoileanna féin a dhéanann earcaíocht ar na scoláirí, a roghnaíonn na tithe lóistín (coinníollach ar iad a bheith cláraithe leis an Roinn faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge) agus atá freagrach trí chéile as na scoláirí (i gcomhar leis na teaghlaigh a chuireann an lóistín ar fáil), a fhad a bhíonn na scoláirí ar na hoileáin.

Is sa chomhthéacs sin go ginearálta a scrúdófar an cheist maidir leis an uaslíon a mbeifear sásta glacadh leis chun críche aitheantais faoin scéim, laistigh de na hacmhainní atá ar fáil do mo Roinn agus na héilimh eile atá ar na hacmhainní sin. Caithfear a chur san áireamh chomh maith, dár ndóigh, an tionchar a d'fhéadfadh daltaí ón mórthír a imirt ar iompar teangan na ndaltaí de bhunadh na noileán agus aon chinneadh á dhéanamh maidir leis an ábhar seo.

Barr
Roinn