Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cistiúchán Roinne

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 28 February 2018

Wednesday, 28 February 2018

Ceisteanna (18)

Peadar Tóibín

Ceist:

18. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sí sásta leis an méid maoinithe a fuair sí don Ghaeilge sa bhuiséad deireanach; cén próiseas a bhí i gceist chun an maoiniú sin a éileamh; an bhfuil sí sásta go bhfuil an Rialtas ag éisteacht le mianta phobal na Gaeilge; an bhfuil sí chun breis maoinithe a iarraidh más rud é nach bhfuarthas ach leath dá bhfuil ag teastáil dar lena Roinn féin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10379/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (13 píosaí cainte)

Is iontach an rud é gur tháinig an tAire Stáit ar sledge ó Dhún na nGall inniu. Tá sneachta anseo ach is lá breá earraigh é i nDún na nGall. Sa ghéarchéim, ní raibh gearradh siar níos mó ar aon earnáil eile sa tír ná an gearradh siar a tharla san earnáil Gaeilge agus Gaeltachta agus é seo in ainneoin go bhfuil an Ghaeilge faoi bhrú uafásach sa tír seo. Cén fáth nach bhfuil an tAire in ann seasamh suas dá cúinne agus dá buiséad ag bord an Rialtais?

Mar Aire Stáit dár dteanga dhúchais, dár gceantair Ghaeltachta agus dár n-oileáin, chuir mé fáilte roimh an maoiniú breise de thart ar €2 milliún a cuireadh ar fáil dom i gcáinaisnéis 2018. San áireamh san allúntas a fuarthas don bhliain seo tá €1.4 milliún breise chun tacú leis an phróiseas pleanála teanga faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, €400,000 de mhaoiniú breise d’Údarás na Gaeltachta chun infheistiú ina chláir caipitil agus chun tacaí a mhéadú do chomharchumainn agus d’eagraíochtaí forbartha pobail na Gaeltachta, rud a fhágann go bhfuil an maoiniú caipitil don Údarás méadaithe go €7 milliún, agus leithdháileadh breise de €687,000 do scéimeanna tacaíochta teanga na Roinne lasmuigh den Ghaeltacht.

San áireamh i mbuiséad na bliana seo fosta, tá suim shuntasach de €14.028 milliún le cur ar fáil don Fhoras Teanga, a chuimsíonn Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise, agus maoiniú €450,000 do Bhliain na Gaeilge 2018 san áireamh.

Ar ndóigh, ar nós achan Roinn agus achan Aire, bím ag lorg níos mó acmhainní chun cur leis an obair fhiúntach atá ar bun againn sa Roinn. Déantar é seo trí plé agus comhráití leanúnach leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus is mar sin a bheidh sé arís i mbliana agus muid ag obair i dtreo bhuiséad 2019.

Níor mhiste a nótáil gur fhógair an Rialtas an tseachtain seo caite go mbeadh €178 milliún in airgead caipitil ar fáil le caitheamh ar thograí Gaeilge, Gaeltachta agus oileánda as seo go ceann 10 mbliana. Sin €78 milliún in airgead úr anuas ar an suim de níos mó ná €10 milliún atá á chaitheamh ar na nithe céanna in 2018. San áireamh sa phlean forbartha náisiúnta, tá gealltanas go méadófar buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta go €12 milliún in aghaidh na bliana agus go gcuirfear airgead breise isteach sna scéimeanna caipitil Ghaeltachta atá á riar ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta chomh maith, cur chuige a thacóidh le pobail Ghaeltachta a gcuid pleananna teanga a chur i bhfeidhm.

Eolas breise nár tugadh ar úrlár an Tí

Sa chomhthéacs sin, ní mór a nótáil chomh maith go bhfuil buiséad reatha na Roinne don phleanáil teanga méadaithe ó €1.25 milliún anuraidh go dtí €2.65 milliún i mbliana. Tá maoiniú bliantúil curtha ar fáil ag an Rialtas don phróiseas pleanála teanga gach bliain ón mbliain 2014, agus tá ardú tagtha ar leibhéil an mhaoinithe sin gach bliain.

Is léir uaidh seo uile go bhfuil na figiúirí ag dul sa treo ceart agus iad ag méadú anois gach uile bhliain.

Is í an fhadhb atá agam ná gur chuir an tAire Stáit fáilte arís roimh an méid airgid a fuair sé sa cháinaisnéis in ainneoin go bhfuair an Roinn níos lú ná leath den mhéid mhaoinithe a bhí á lorg. I mí Dheireadh Fómhair, dúirt an tAire Stáit go raibh an Rialtas dírithe ar theacht leis an tiomantas dár gcultúr atá le feiceáil i mórán de na heagraíochtaí díograiseacha atá ar fud an Stáit. Dúirt sé go raibh aitheantas tugtha don obair chruaidh seo sa cháinaisnéis ach leath-aitheantais atá ann, ar ndóigh, de réir critéir an Aire Stáit féin. D'aithin an Roinn go raibh €5 milliún de dhíth leis na spriocanna ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhaint amach. Ní bhfuair an Roinn ach €1.9 milliún ag an deireadh. Cé a rinne an cinneadh seo? Is léir nach bhfuil an tAire Stáit nó an tAire sinsearach ag fáil éisteacht ar chor ar bith ag bord an Rialtais maidir leis seo. Conas is féidir leis an tAire Stáít teacht isteach anseo inniu agus fáilte a chur roimh an méid airgid sin nuair nach bhfuil ann ach 40% den mhéid airgid a bhí ag teastáil ón Roinn?

I gcónaí bíonn ceisteanna sa Teach seo maidir le hairgead breise, maidir le deontais bhreise agus maidir le tacaíocht ón Rialtas. Tá an díospóireacht sin tábhachtach maidir le brú a chur ar an Rialtas ó thaobh infheistíochta de agus aontaím leis. É sin ráite, ní bheidh seans agam sa Teach seo labhairt faoi aon phlean nó faoi aon ghníomhaíocht sa bhealach a bheidh ag Teachtaí eile chun labhairt fúthu. Tóg, mar shampla, an ceangal idir na bailte seirbhísí, na comharchumainn atá ag obair ar an bpleanáil teanga sna ceantair Ghaeltachta nó na líonraí Gaeltachta. D'fhéadfadh an díospóireacht a bhíonn ag dul ar aghaidh sa Teach seo a bheith ag dul ar aghaidh taobh amuigh den Teach. Tá athbheochan ollmhór ag dul ar aghaidh maidir leis an teanga. Mar is eol don Teachta, bhí lainseáil agus ócáid thar a bheith dearfach i bPáirc Uí Chrócaigh an tseachtain a chuaigh thart maidir leis na líonraí Gaeltachta i nGallimh, i gCluain Dolcáin agus sa Tuaisceart.

Tá seans againn aitheantas a thabhairt do na dreamanna a bheidh ag bogadh ar aghaidh leis an teanga. Tá an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta fite fuaite ann. Ní teanga cumarsáide amháin í an Ghaeilge. Is croílár na hoidhreachta agus an chultúir í fosta.

Leis an fhírinne a rá, is í an Ghaeilge an col ceathrar bocht ó thaobh an Rialtais de. Tá an Ghaeilge agus an tAire Stáit, Teachta McHugh, ag bun an dréimire gach uair. Tá sé dochreidte. Tá an tAire Stáit cosúil le Comical Ali mar gheall ar an Ghaeilge. Tá titim 11% tar éis teacht ar an méid daoine atá ag labhairt an Ghaeilge sa Ghaeltacht. Sin an slat tomhais is tábhachtaí mar gheall ar dhul chun cinn chur chuige an Rialtais. Tharla titim 11% agus tá an tAire Stáit ag teacht isteach anseo ag rá go bhfuil athbheochan ag teacht ar an rud. Tá an Ghaeilge ag dul i léig sna Gaeltachtaí - an áit is tábhachtaí.

Ba chóir don Aire Stáit breathnú ar rud éigin eile. Dúirt an Rialtas freisin go mbeidh príomhthosaíocht ag Roinn an Aire Stáit mar gheall ar an straitéis 20 bliain. Dúirt sé go mbeidh an plean foilsithe ag deireadh mhí Feabhra. Tá mí Feabhra imithe. Cá bhfuil an plean sin? Táimid ag fanacht beagán níos mó ná bliain ar an phlean seo. Thosaigh an comhairliúchán le haghaidh an plean seo in 2015. Cá bhfuil sé? Tá an t-am ag sleamhnú thart.

Ní aontaím leis an ráiteas faoin chol ceathrar bocht. Níl an teanga ina col ceathrar bocht. Caithfidh an Teachta bheith ciallmhar maidir leis sin. Níor thug an Teachta aitheantas don ról atá ag an cheangal agus an nasc idir an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an Roinn Oideachais agus Scileanna. I mí Mheán Fómhair i mbliana, beidh tacaíocht breise ag dul chuig achan bhunscoil sna ceantair Ghaeltachta. Seo an áit a bheidh an teanga ag fás sa tír - istigh sna bunscoileanna.

Níl siad in ann teacht ar mhúinteoirí.

Táimid ag tabhairt tacaíochta agus ní bhfuair muid aon aitheantas fadúda an ról seo. Bhí an tAire, Teachta Richard Bruton, i gcontae an Teachta Tóibín féin cúpla mí ó shin. D'fhógair sé scéim chun tacaíocht a thabhairt do na bunscoileanna.

Sa Ghaeltacht amháin.

Tá róil agus dualgais orainn uilig maidir leis an teanga. Ní bheidh an Roinn amháin freagrach as an Ghaeilge. Tá an ról is mó maidir leis ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Ní bhfuair mise aon----

Ach níl aon phlean ag an Roinn.

Níor thug an Teachta aon aitheantas don ról ollmhór atá ag an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir leis an teanga faoi choinne na ndaoine óga, na daoine atá ag foghlaim, agus tacaíocht do na tuismitheoirí. Sin an áit ina mbeidh an gealltanas is mó.

D'adhmhaigh an tAire nach bhfuil plean ar bith do cheantair taobh amuigh den Ghaeltacht mar gheall ar chúrsaí oideachais. D'admhaigh sé é sin.

Barr
Roinn