Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 28 February 2018

Wednesday, 28 February 2018

Ceisteanna (21)

Catherine Connolly

Ceist:

21. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cathain go díreach a fhoilseofar an plean gníomhaíochta maidir le feidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge don tréimhse 2018-2022; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh.. [10210/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (6 píosaí cainte)

Tá ceist dhíreach, shimplí agam. Cén dáta a fhoilseofar an plean gníomhaíochta maidir le feidhmiú na straitéise, straitéise 20 bliain don Ghaeilge, don tréimhse 2018-22?

Dírím aird an Teachta ar na freagraí atá tugtha agam ar Cheisteanna Dála eile faoin ábhar seo cheana féin. Mar atá ráite agam roimhe seo, ós rud é go bhfuil freagracht thras-Rannach i gceist maidir le cur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge, ba ghá go leor plé a dhéanamh le Ranna Stáit agus páirtithe leasmhara eile maidir le hullmhú an Phlean Gníomhaíochta.

Mar atá mínithe agam go minic roimhe seo chomh maith, is é nádúr na hoibre seo go dtógann sé am chun nithe a aontú le páirtithe leasmhara éagsúla a bheidh freagrach i ndeireadh báire as pé beart a aontaítear a fheidhmiú agus mar go bhfuil sé mar chuspóir a chinntiú, oiread agus is féidir, go mbeidh fiúntas leis an gclár bearta a bheidh sa phlean críochnúil.

Tá an obair sin ag teacht chun críche anois agus, dá réir, tá bailchríoch á cur ag mo Roinnse faoi láthair ar an bplean a ndéanfar a fhoilsiú sna seachtainí amach romhainn.

Ní call a rá ar ndóigh go bhfuil cláir oibre á gcur i bhfeidhm ag mo Roinn féin agus ag Ranna agus forais ábhartha eile stáit, chomh maith le raon leathan eagraíochtaí Gaeilge chun cúram a dhéanamh, i gcaitheamh an ama, ar fheidhmiú na Straitéise.

Go raibh maith agat. Tá a fhios agam nach bhfuil sé éasca agus go bhfuil obair thras-rannach i gceist. Ach is í seo Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Foilsíodh an straitéis in 2010. Bhí sé bunaithe ar a lán oibre roimhe sin, mar shampla an Ráiteas Gaeilge ó 2006. Tá fhios againn go bhfuil gá práinneach le plean gníomhaíochta. Tá sé thar am é a fhoilsiú agus an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá sé de phribhléid agam a bheith i mo Chathaoirleach ar an gcoiste Gaeilge agus tá a fhios againn ó na cruinnithe in aghaidh na coicíse chomh leochaileach is atá an Ghaeilge agus an phráinn atá ag teastáil maidir le plean gníomhaíochta. An mbeidh sé foilsithe roimh dheireadh na míosa, nó an foilseofar é i mí Aibreáin? Cathain a foilseofar é?

Aontaím le tuairim an Teachta. Is é sin an fáth a chur mé an bealach seo chun cinn in 2015. Bhí mé ag labhairt faoin straitéise 20 bliain don Ghaeilge, agus níos leithne ag an am, agus mise an duine, mar Aire Stáit, a thosaigh an aistear maidir leis sin. Táimid ag fanacht chun an cheist a bheith freagartha. Tá mé thar a bheith muiníneach agus dóchasach go mbeidh muid in ann é a fhoilsiú taobh istigh de choicís nó thrí seachtaine.

Is dea-scéal é sin. Gabhaim buíochas as sin. Táimid ag tnúth leis é a fheiceáil agus é a léamh. Ach táimid go léir imníoch ar son na Gaeilge. Mar is eol don Aire, tá Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ann, agus tá dualgais faoi leith ar an Rialtas agus ar Ranna éagsúla. Le déanaí chualamar nuacht ó RTÉ go raibh sé ar intinn acu “Nuacht” a réamhthaifeadadh roimh an am. Luaim an méid sin mar shampla den easpa tuisceana atá le feiceáil i RTÉ maidir leis na freagrachtaí atá orthu. Chomh maith leis sin tá a fhios againn ar leibhéal eile nach bhfuil na scéimeanna teanga ag feidhmiú ar chur ar bith agus dúirt an Coimisinéir Teanga an méid sin go soiléir. Is iad seo cuid de na rudaí atá luaite sa straitéis. Mar sin, tá gá le hathbhreithniú agus le plean gníomhaíochta a bheith ann go práinneach.

Maidir leis na moltaí, aontaím leis an dualgas atá orainn uilig agus atá ag achan Roinn. Tá dualgais mhóra ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Táimid ag siúl go mór leis na moltaí a fháil ón Roinn sin maidir leis an bplean gníomhaíochta. Maidir le RTÉ, beidh dualgais ar an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil. Dá mbeadh aon fhadhb nó aon imní ar an Teachta san am atá romhainn, tá mé ar a taobh agus ar son na teanga agus tá cuidiú ar fáil anseo maidir le haon bhealach atá de dhíth.

Barr
Roinn