Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéim Éire Ildánach

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 28 February 2018

Wednesday, 28 February 2018

Ceisteanna (28)

Catherine Connolly

Ceist:

28. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cad iad na pleananna agus na socruithe atá eagraithe trí Éire Ildánach do Bhliain na Gaeilge. [10079/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (5 píosaí cainte)

D'fhógair mé ar 13 Nollaig 2017 go raibh Bliain Na Gaeilge 2018 faofa ag an Rialtas. Ag tógáil ar rath An Teanga Bheo, a bhí mar shraith faoi Éire 2016: Clár Comórtha, agus i bhfianaise go mbeidh Conradh na Gaeilge ag ceiliúradh 125 bliain d'athbheochan na Gaeilge in 2018, feictear gur togra tráthúil í Bliain na Gaeilge 2018 chun ceiliúradh a dhéanamh ar an teanga go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Ag obair sa Roinn le mo chomhghleacaí, an tAire, an Teachta Madigan, tá an maoiniú a thugtar do na húdaráis áitiúla méadaithe faoi dhó againn trí chlár Éire Ildánach chun cuidiú leis na húdaráis cláracha cultúrtha agus cruthaíochta a fhorbairt go háitiúil.

Sa chomhthéacs seo, d'iarr an Roinn ar na comhordaitheoirí áitiúla imeachtaí a eagrú a bhainfeadh le Bliain na Gaeilge. Chuir foireann Bhliain na Gaeilge tuairimí faoin chaoi inar féidir tabhairt faoi seo ag cruinniú comhordaitheoirí san Ard-Mhúseam ar 22 Feabhra 2018. Tá a fhios agam go bhfuil pleananna á n-eagrú cheana féin dá bharr seo. Chun tacú le gníomhaíochtaí na bliana, cheadaigh Foras na Gaeilge pacáiste airgeadais de €450,000 roimh dheireadh na bliana.

Tá meitheal oibre comhdhéanta d'ionadaíocht ó mo Roinn, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, RTÉ, TG4 agus Conradh na Gaeilge bunaithe ar mhaithe leis an togra a stiúradh. Anuas ar sin, tá breis agus 50 grúpa ag comhordú féilire d'imeachtaí cruthaitheacha, ealaíne agus pobail atá á n-eagrú ar fud an domhain in 2018, le roinnt tionscadal tábhachtacha a leanfaidh ar aghaidh tar éis na bliana seo. Tá sé i gceist go mbeidh cur chuige tras-Rialtais i gceist agus an bhliain á ceiliúradh. Tá clár imeachtaí Eanáir go Meitheamh foilsithe cheana féin agus is féidir imeachtaí breise a chlárú i gcónaí ar www.gaeilge2018.ie.

Tá a fhios agam go bhfuil an t-am istigh. Tá ceist shimplí agam. Céard iad na pleananna agus na socruithe atá déanta? Is bliain faoi leith í 2018 ós rud é gur Bliain na Gaeilge atá inti. Thug an freagra a léigh an tAire Stáit eolas dúinn faoi na rudaí atá eagraithe ag Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile, ach bhain mo cheist go díreach leis "na pleananna agus na socruithe atá eagraithe trí Éire Ildánach do Bhliain na Gaeilge". An bhfuil na nithe a bheidh ar siúl faoin chlár sin go speisialta leagtha amach in áit éigin?

Tá sé soiléir go bhfuil an-fhuinneamh ag an Rialtas chun fógraíocht a dhéanamh ar an bPlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027, ach n'fheadar an bhfuil an fuinneamh céanna acu i dtreo Bliain na Gaeilge, a thugann seans dúinn síneadh amach chuig daoine lasmuigh de phobal na Gaeilge. Dúirt an tAire Stáit go bhfuil €450,000 curtha ar fáil. An bhfuil sé sin don chlár é féin nó don fhógraíocht? Níl sé soiléir go bhfuil clár fógraíochta cinnte ann chun Bliain na Gaeilge - an scéim ar fad - a chur os comhair pobail, go háirithe pobail lasmuigh de mhuintir na Gaeilge.

Tá na sonraí ar fáil ar www.gaeilge2018.ie. Tá na sonraí go léir fá choinne an phlean ag Conradh na Gaeilge. Tháinig an smaoineamh maidir le Bliain na Gaeilge ó Chonradh na Gaeilge, atá ag obair go dian agus go cóngarach leis na dreamanna uilig ar an talamh, ar nós na gcomharchumann, Údarás na Gaeltachta agus na h-eagraíochtaí deonaithe. Tá siad ar fad ag obair go dian ar cúpla smaoineamh maidir leis an bplean. Tá sonraí breise agam maidir leis na himeachtaí a bheidh ann i rith na bliana. Beidh mé sásta na sonraí sin a chur ar fáil do na Teachtaí a bhfuil suim acu iontu.

Míle buíochas. Sin deireadh le ceisteanna chun an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Barr
Roinn