Wednesday, 28 February 2018

Ceisteanna (52)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

52. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén líon scéimeanna teanga atá á chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht i láthair na huaire; cén caiteachas a bheidh i gceist leis na scéimeanna teanga i mbliana; cad é an méid is mó atá ceadaithe d’aon scéim teanga don bhliain 2018; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [9808/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa (Ceist ar Culture)

Den 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta atá aitheanta faoin bpróiseas pleanála teanga tá pleananna i leith na limistéar a leanas faofa agus táthar ag súil leis dá réir go mbeidh tús á chur lena bhfeidhmiú go luath:

- Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir

- Cois Fharraige

- Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh

- Na Déise, Co Phort Láirge.

- Tá pleananna teanga á mbreithniú ag mo Roinn faoi láthair i leith cheithre cinn eile de na limistéir: Múscraí; An Cheathrú Rua; Dúiche Sheoigheach & Tuar Mhic Éadaigh; agus Ciarraí Theas.

- Lena chois sin táthar ag súil leis go mbeidh pleananna i leith na limistéar a leanas á gcur faoi bhráid mo Roinne chun críche faofa faoi Acht na Gaeltachta go luath:

- Ceantar na nOileán

- Conamara Láir

- Ciarraí Thiar.

Maidir leis an cúig limistéar déag eile, beifear ag súil leis go mbeidh pleananna ina leith á gcur faoi bhráid na Roinne chun críche ceada idir seo agus deireadh 2020 - uair a mbeifear ag súil leis go mbeidh feidhmiú pleananna ar bun i ngach aon cheann de na limistéir.

Ina theannta seo, tá plean á ullmhú faoi láthair do Dhaingean Uí Chúis i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus tá obair idir lámha ag Údarás na Gaeltachta chun eagraíocht a aimsiú a thabharfaidh faoi phlean a ullmhú agus a fheidhmiú don Clochán Liath i nGaeltacht Thír Chonaill.

Chun tacú le feidhmiú an phróisis pleanála teanga atá leagtha amach faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus faoina gcuimsítear na ceantair Ghaeltachta chomh maith le Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge, tá cistíocht faoi leith ar fiú €2.65m curtha ar fáil sa bhliain reatha.  Is ardú suntasach é seo thar an €1.25m a cuireadh ar fáil don phróiseas pleanála teanga i 2017.

Tá ciste ar fiú suas le €100,000 thar tréimhse 12 mhí iomlán le bheith ar fáil i leith gach limistéir Gaeltachta ina cheadaítear plean teanga chun tús a chur le feidhmiú na bpleananna sin.  Ina theannta sin, tá allúntas breise ar fiú suas le €50,000 thar tréimhse 12 mhí á chur ar fáil faoin bpróiseas pleanála teanga i leith 5 limistéar faoi leith.  Is de bharr dúshlán faoi leith atá bainteach leis na ceantair seo a tógadh an cinneadh seo. Is iad na ceantair atá i gceist ná:

- Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir

- Cois Fharraige

- Conamara Láir

- Ciarraí Thiar.

- Is ar an mbunús go sásaíonn na limistéir thuas trí chinn den ceithre chritéar a leanas atá an t-allúntas breise á chur ar fail:

1. Achar an Limistéir Pleanála teanga a bheith os cionn 200km2

2. Daonra an limistéir níos sine ná trí bliana d’aois os cionn 5,000 duine

3. Líon cainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais sa limistéir a bheith circa agus ós cionn 1,500 duine

4. Céatadán do chainteoirí laethúla Gaeilge an limistéar a bheith circa agus os cionn 50% de dhaonra iomlán an limistéir.

Ibhfianaise go bhfuil dúshlán tíreolaíoch ar leith leis na trí oileáin Árann atá aitheanta mar limistéar pleanála teanga amháin, tá i gceist go dtiocfaidh an limistéar seo faoi scáth an tsocraithe seo chomh maith.

Lena chois sin, is fiú a lua go bhfuil €2.322m curtha ar fáil in 2018 chun cúram a dhéanamh de Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne. Mar a bhí ar bun go dtí seo, bainfear leas as an gclár seo, atá dírithe ar na ceantair Ghaeltachta agus atá ardaithe €900,000 thar an soláthar a bhí curtha ar fáil ina leith sna Meastacháin Athbhreithnithe 2017, chun tacú tuilleadh le feidhmiú an phróisis.

Caithfear a chur san áireamh chomh maith an raon leathan clár, scéimeanna agus tionscnamh eile atá á maoiniú agus á riaradh ag mo Roinn, ag Údarás na Gaeltachta agus ag Foras na Gaeilge araon chun tacú go díreach nó go tánaisteach leis an bpróiseas.

Ag cur é seo ar fad san áireamh, táim sásta go bhfuil soláthar cuí curtha ar fáil ón státchiste chun cúram cuí a dhéanamh den phróiseas pleanála teanga sa bhliain reatha.