Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cúram agus Oideachas na Luath-Óige

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 6 March 2018

Tuesday, 6 March 2018

Ceisteanna (269)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

269. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aici plean cuimsitheach a réiteach i gcomhairle leis an Aire Leanaí agus Gnóthaí Oige chun a chinntiú go mbeidh soláthar cuimsitheach sa Ghaeltacht agus tacaíocht stáit chuí ar fáil do ghréasáin naoílanna, naoínraí agus cúraim iarscoile a oibríonn go hiomlán as Gaeilge; an mbeidh infeistíocht á deanamh i dtaighde chun a chinntiú go ndéanfar amhlaidh de réir na gcleachtas idirnáisiúnta is fearr. [10699/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is faoi Údarás na Gaeltachta go príomha a thagann cúram an chórais luathoideachais Ghaeilge sa Ghaeltacht.  Chuir Údarás na Gaeltachta cistíocht ar fiú €535,000 ar fáil do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta (CNNG) sa bhliain 2017 agus baintear úsáid as an gciste seo chun tacú le 74 seirbhísí luathoideachais Gaeltachta a fheidhmíonn faoi scáth CNNG. Tuigtear dom go bhfuil an t-allúntas céanna ar fáil don eagraíocht i mbliana.

Ós rud é gur eagraíocht neamhspleách reachtúil é Údarás na Gaeltachta, tuigfidh an Teachta gur faoin eagraíocht féin atá sé breithniú a dhéanamh ar chonas an chistíocht a chuirtear ar fáil dó go bliantúil a chur chun fónaimh i gcomhthéacs na gcúramaí atá sainithe dó, lena n-áirítear an córas luathoideachais.

I dteannta leis an gcistíocht thuasluaite, cuireann mo Roinn cúnamh ar fáil chomh maith - idir reatha agus chaipiteal chun tacú le cúrsaí luathoideachais sa Ghaeltacht, trí Scéim Seirbhísí Réamhscoile agus Iarscoile agus tríd an gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga . Mar thaca tánaisteach don chóras luathoideachais, cuireann an Roinn cúnamh reatha ar fáil don eagraíocht Ghaeltachta, Tuismitheoirí na Gaeltachta, chun cabhrú leo clár gníomhaíochtaí a chur sa tsiúil a thacaíonn le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu é sin a dhéanamh. Den chuid is mó, is ar theaghlaigh le páistí  ag aois réamhscoile agus bunscoile atá a gcuid gníomhaíochtaí dírithe.

Cé gur ar na ceantair Ghaeltachta is mó atá sé dírithe - mar chuid de thionscnamh faoi leith atá mar thaca breise do theaghlaigh le páistí réamhscoile, dáileann an Roinn beartán tacaíochta teanga a bhfuil ráchairt mhór air fud fad na tíre agus go deimhin níos faide i gcéin.

Chun tacú tuilleadh leis an gcóras luathoideachais i gcomhthéacs fhorfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, tá bailchríoch á cur faoi láthair ag mo Roinn, i gcomhar le páirtithe leasmhara lena n-áirítear an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, ar phlean gníomhaíochta don tréimhse 2018-2022. Sa phlean gníomhaíochta seo, leagfar amach bearta faoi leith a chuirfear i bhfeidhm thar shaolré cúig bliana an phlean chun treisiú a dhéanamh ar a bhfuil ar bun cheana féin ar mhaithe le tuilleadh cúraim a dhéanamh d'fheidhmiú céimiúil na Sraitéise agus den Ghaeilge dá réir. Tá sé i gceist go mbeidh bearta faoi leith san áireamh ann a bheidh chun sochair an chórais luathoideachais Ghaeilge sa Ghaeltacht agus ar bhonn náisiúnta.

Barr
Roinn