Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Craoltóirí Seirbhíse Poiblí

Dáil Éireann Debate, Thursday - 8 March 2018

Thursday, 8 March 2018

Ceisteanna (692)

Catherine Connolly

Ceist:

692. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an mbeidh sé ina mhíbhuntáiste do chainteoirí Gaeilge agus do dhaoine sa Ghaeltacht nach mbeidh Nuacht RTÉ i nGaeilge ar fáil beo dóibh a thuilleadh; an dtugann sé seo comhionannas do dhá theanga oifigiúla an Stáit nuair atá an Nuacht as Béarla ar fáil beo do mhuintir na tíre, ach nach bhfuil an Nuacht as Gaeilge ar fáil dóibh ach ar bhonn réamhthaifeadta amháin; an dtagann an míchothromas seo salach ar mhisean a Roinne, úsáid na Gaeilge a bhrú chun cinn agus forbairt inbhuanaithe réigiúnach agus tuaithe, lena n-áirítear forbairt na Gaeltachta agus na n-oileán, a éascú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [11107/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Níl aon ról reachtúil agam maidir le cinntí oibríochtúla RTÉ.

Creidim go láidir, áfach, go bhfuil féidearthachtaí móra ann cuidiú le seirbhísí nuachta a sholáthar do phobal na Gaeilge trí níos mó úsáid a bhaint as an teicneolaíocht nua-aimseartha. Is cúis sásaimh agus dóchais é, mar sin, an chaoi go bhfuil an Ghaeilge le fáil go forleathan cheana féin ar na meáin dhigiteacha, agus go bhfuil obair ceannródaíoch ar bun san earnáil seo. Tóg mar shampla na hardáin éagsúla ilmheáin atá forbartha ag RTÉ (le cúnamh mo Roinne), TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta agus an tábhacht ar leith le nuachtáin agus irisí Gaeilge ar nós Tuairisc.ie, a bhfuil tacaíocht Stáit á fáil aige ó Fhoras na Gaeilge.

Barr
Roinn