Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 20 March 2018

Tuesday, 20 March 2018

Ceisteanna (1084)

Pearse Doherty

Ceist:

1084. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cad chuige nár tháinig aon mhéadú ar an deontas reáchtála a íocadh le comharchumann i gContae Dhún na nGall anuraidh (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [12304/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Cuireann Údarás na Gaeltachta deontais reáchtála ar fáil do chomharchumainn áirithe Gaeltachta a fheidhmíonn faoina scáth - sé cinn de chomharchumainn ar oiléain Gaeltachta ina measc - chun cláir fhorbartha a chur i bhfeidhm ar na hoileáin sin. Cuirtear na deontais seo ar fáil chun cabhrú leo a gcuid costais bainistíochta agus barrchostas a chlúdach.

Ós rud é gur eagraíocht neamhspleách reachtúil í Údarás na Gaeltachta, tuigfidh an Teachta gur faoin eagraíocht féin atá sé breithniú a dhéanamh ar chonas an chistíocht a fhaigheann sí ó Vóta mo Roinne a chur chun fónaimh i gcomhthéacs na gcúramaí atá sainithe di.

Tuigim ón Údarás go bhfuil an Comharchumann atá luaite ag an Teachta ag feidhmiú le roinnt blianta agus go bhfuil maoiniú i bhfoirm deontais reáchtála ar fiú €32,000 é, á fháil aige go bliantúil ón Údarás. Bunaithe ar an gclár oibre agus an réimse gníomhaíochtaí atá idir lámha ag an gcomharchumann, tuigtear ón Údarás nach léir dóibh go bhfuil cás ann an deontas reachtála thuasluaite a ardú mar a sheasann rudaí faoi láthair.

Tuigtear chomh maith go bhfuil an tÚdarás sásta cruinniú a reáchtáil leis an gComharchumann i gceist chun plé a dhéanamh faoin ábhar.

Barr
Roinn