Mar áta luaite sa Phlean Forbartha Náisiúnta, Tionscadal Éireann 2040, tá i gceist ionad Gaeilge agus cultúir a fhorbairt i lár chathair Bhaile Átha Cliath. Anuraidh, cuireadh coiste le chéile le hionadaíocht ó mo Roinn féin, ó Fháilte Éireann, ó Chomhairle Cathrach Átha Cliath agus ó Chonradh na Gaeilge le breathnú ar an bhféidearthacht ceannáras an Chonartha ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath a fhorbairt mar lárionad do phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Ag eascairt ó obair an Choiste seo, fuair an Roinn iarratas ó Chonradh na Gaeilge chun staidéar féidearthachta a dhéanamh i leith an tionscadail ag deireadh na bliana seo caite. Cheadaigh mé deontas de €40,897 i mí na Nollag seo caite chun an staidéar féideartheachta seo a dhéanamh. Tar éis próiseas tairisceana a chur ar bun, tá tús curtha le hullmhú an staidéir feidearthachta anois. Nuair a bheidh sé curtha i gcrích, beifear in ann an céad chéim eile i leith an an togra seo a mheas i gcomhréir leis an gCód um Chaiteachas Phoiblí de chuid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.