Go ginearálta, ní chuireann mo Roinn seirbhísí ar fáil go díreach don phobal. Tá mo Roinn tiomanta do na hoibleagáidí atá againn faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm agus tá socruithe curtha ar bun chun an riachtanais maidir le soláthar seirbhíse as Gaeilge d'aon duine atá á lorg a chomhlíonadh.
Le déanaí, earcaíodh beirt bhall foirne ó na comórtais shruth Gaeilge a reáchtálann an tSeirbhís um Cheapachán Phoiblí chun soláthar na seirbhíse seo a fheabhsú. Tá roinnt baill foirne eile sa Roinn a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu agus atá toilteanach cúnamh a thabhairt do chomhghleacaithe.
Mar chuid de Phlean Bliantúil Oiliúna na Roinne, tá tacaíocht faoi leith ann chun cabhair a thabhairt dóibh siúd atá ag iarraidh a gcumas Ghaeilge a fheabhsú trí fhreastal ar chúrsaí.
Leanfaidh mo Roinn ar aghaidh ag déanamh measúnú ar a riachtanais i dtaobh seo.