Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí Farantóireachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 21 March 2018

Wednesday, 21 March 2018

Ceisteanna (350, 351, 352, 353, 354, 355)

Pearse Doherty

Ceist:

350. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Gaeltachta cérbh iad na hoifigigh óna Roinn, níl ach grád foirne agus teideal á lorg ag an Teachta seo, a bhí freagrach as measúnú a dhéanamh ar na tairiscintí a fuarthas le haghaidh an chonartha chun seirbhís farantóireachta Thoraí a sheachadadh. [13193/18]

Amharc ar fhreagra

Pearse Doherty

Ceist:

351. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an raibh moltaí Chomharchumann Thoraí, ó thaobh feistiú thar oíche, i measc na gcritéar ar baineadh úsáid astu chun measúnú a dhéanamh ar na tairiscintí le haghaidh sheirbhís farantóireachta Thoraí. [13194/18]

Amharc ar fhreagra

Pearse Doherty

Ceist:

352. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cé a bhí i gceannas ar na critéir mheasúnaithe do sheirbhís farantóireachta Thoraí a leagan amach; ar bronnadh pointí le haghaidh úsáid na Gaeilge; an gcuirfidh sí eolas agus sonraí ar fáil maidir leis na critéir seo. [13195/18]

Amharc ar fhreagra

Pearse Doherty

Ceist:

353. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén fáth a gcuirfear seirbhís bus ar fáil idir An Bun Beag agus Machaire Rabhartaigh mar chuid de sheirbhís farantóireachta Thoraí; an bhfuil imní ar an Roinn nach mbeidh an soitheach ábalta teacht i dtír ag Cé Mhachaire Rabhartaigh. [13196/18]

Amharc ar fhreagra

Pearse Doherty

Ceist:

354. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cad chuige ar bronnadh conradh le haghaidh sheirbhís farantóireachta Thoraí cé go raibh deisiúcháin de dhíth ar an mbád a roghnaigh an Roinn don turas farraige seo; ar bronnadh conradh mar sin riamh roimhe seo, i. sular cuireadh caoi ar an soitheach. [13197/18]

Amharc ar fhreagra

Pearse Doherty

Ceist:

355. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil ceadúnas ag bád (sonraí tugtha) chun lastas a láimhseáil. [13198/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

I propose to take Questions Nos. 350 to 355, inclusive, together.

Maidir le conradh úr farantóireachta Thoraí, is dhá thairiscint bailí a fuair mo Roinn.  Mar is gnáth i gcásanna mar seo, chuir mo Roinn coiste measúnaithe le chéile comhdhéanta d’oifigigh ón Roinn.  Sa chás áirithe seo, bhí na hoifigigh ag an ngrád Príomhoifigeach, Príomhoifigeach Cúnta agus Ardoifigeach Feidhmiúcháin.

Mar chuid den phróiseas tairisceana, thug mo Roinn éisteacht do phobal Thoraí agus lena mianta.  Leag an rannóg cuí i mo Roinn amach na critéir mheasúnaithe agus marcanna dá réir san Iarratas ar Thairiscint agus ar ndóigh, tá an doiciméad sin agus aon leasuithe a rinneadh air foilsithe ar an suíomh, etenders.  Ní raibh feistiú an tsoithigh thar oíche mar chuid de sin.  Bhí úsáid na Gaeilge mar cheann de na critéir.

Thairg an tairgeoir ar bronnadh an conradh air seirbhísí breise seachas mar a lorgaíodh san Iarratas ar Thairiscint.  Ina measc sin, bhí go mbeadh seirbhís bus ar fáil ón mBun Beag go dtí Machaire Rabhartaigh ar ócáidí nach mbeadh an soitheach ábalta teacht le cé ag Machaire Rabhartaigh.  Go stairiúil, ar ndóigh, tharlódh seo ó am go ham agus bheadh a leithéid de sheirbhís ina chuidiú do phaisinéirí a bheadh ag iarraidh dul go Machaire Rabhartaigh.  Níltear ag súil go mbeidh seo ag teastáil go minic.

Faoi dheiridh, ceadaíodh faoin Iarratas ar Thairiscint sa chás seo agus i ngach ceann de chonarthaí na Roinne do sheirbhísí farantóireachta, go bhféadfaí athchóiriú a dhéanamh ar shoitheach a bheadh ainmnithe don tseirbhís.  Iarrtar san Iarratas ar Thairiscint go mbeadh cur síos ar na hoibreacha agus amscála dá gcur i gcríoch.  Is ar an Oifig Suirbhéara Muirí atá an fhreagracht maidir le heisiúint ceadúnais do shoithí agus is ag an oifig sin a bheidh an focal deiridh maidir le ceapaíocht paisinéirí agus lastais an bháid atá luaite.

Barr
Roinn