Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oideachas trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 27 March 2018

Tuesday, 27 March 2018

Ceisteanna (250)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

250. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén fáth nach bhfuil an deontas €103 in aghaidh an dalta, a íocann a Roinn le hiar-bhunscoileanna a dhéanann teagasc trí Ghaeilge, á íoc le scoileanna a dhéanann teagasc trí Ghaeilge ach atá faoi choimirce Boird Oideachais agus Oiliúna; an bhfuil sé i gceist aige athbhreithniú a dhéanamh ar an mbeartas seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [13680/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Léiríonn na socruithe maoinithe atá déanta ag an Roinn d’iar-bhunscoileanna deonacha, cuimsitheacha, pobalscoileanna agus scoileanna Boird Oideachais agus Oiliúna (BOO), na socruithe difriúla bainistíochta agus úinéireachta atá i bhfeidhm do scoileanna dara-leibhéal.

Maoinítear iar-bhunscoileanna deontacha le deontais per capita. Faigheann na scoileanna seo deontas in ionad táillí a bhíodh toibhithe roimh 1967. Íoctar deontas per capita sa bhreis d’iar-bhunscoileanna san earnáil dheonach ina dtugtar teagasc trí mheán na Gaeilge go hiomlán nó i bpáirt. Ní íoctar an deontas sna hearnálacha Pobal nó Cuimsitheacha nó san earnáil BOO.

Déantar leithdháiltí airgeadas don earnáil BOO ar bhonn buiséid i dtaca le ceannoifig agus costais eile, iad sin a bhaineann le scoileanna san áireamh. Tugtar leibhéal ard féinrialach do BOO maidir le bainistíocht agus leithghabháil dá gcuid buiséid agus ceadaítear do gach BOO a leithdháiltí a roinnt ar aon dul lena dtosaíochtaí agus aireachtáil riachtanas. Caithfear aon shaincheisteanna maoinithe d’aon scoil ar leith a bhainistiú faoi bhuiséad an BOO cuí. Ní chuireann an Roinn in áirithe leithdháiltí maoinithe do scoileanna aonair san earnáil BOO.

Maidir le tuilleadh feabhsuithe i mbuiséid BOO a bhaineann le hábhair a mhúineadh trí mheán na Gaeilge, bheadh gá iad a mheasúnú i gcomhthéacs staide iomláin buiséide na Roinne agus lena tosaíochtaí níos leithne i dtaca leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas maraon le haon chuspóirí cuí eile.

Barr
Roinn