Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oibreacha Feabhsúcháin do Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 28 March 2018

Wednesday, 28 March 2018

Ceisteanna (157)

Catherine Connolly

Ceist:

157. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Oideachais agus Scileanna maidir le ceist 190 ar 3 Deireadh Fomhair 2017, an dtabharfaidh sé soiléiriú maidir le stádas an iarratais atá déanta ag an scoil (sonraí tugtha), go háirithe ós rud é gur chuir an scoil an soiléiriú ar na costais a bhí iarrtha ag an Roinn isteach an 29 Meitheamh 2017; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [14372/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Cheadaigh mo Roinn deontas suntasach cineachta i mí Mheán an Fhómhair 2014 don scoil atá i gceist le haghaidh síneadh buan agus oibreacha athchóirithe a d’éascódh le gach foirgneamh réamhdhéanta a bhaint ó shuíomh na scoile.

Tá mo Roinn ag fanacht le tuilleadh faisnéise maidir le plean costas athbhreithnithe. Déanfar an cheist a scrúdú níos mó nuair a fhaigheann mo Roinn an t-eolas agus nuair a dhéanfar measúnú air.

Barr
Roinn