Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Achomhairc Talmhaíochta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 17 April 2018

Tuesday, 17 April 2018

Ceisteanna (1131)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

1131. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar cinneadh ar athbhreithniú atá iarrtha ag a Roinn ar chinneadh a rinne an tOifigeach Achomhairc maidir le hachomharc a rinne feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí tugtha); cén fáth a bhfuil moill fhada ar an gcinneadh; an bhfuil an litir dar dáta an 5 Deireadh Fómhair 2017 a chuir an feirmeoir chuig an Oifig Achomhairc á cur san áireamh san athbhreithniú atá ar siúl agus an dtabharfar seans don fheirmeoir a chás a chur os comhair an Oifigigh Achomhairc uair amháin eile ag éisteacht ó bhéal, mar atá iarrtha aige; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16676/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Dheimhnigh an Oifig Achomhairc Talmhaíochta neamhspleách gur iarradh ar athbhreithniú ar chinneadh an Oifigigh Achomhairc. Is gnách go ndéileáiltear le hathbhreithnithe san ord a fhaightear iad. Fuarthas roinnt iarrataí ar athbhreithniú ar chinntí an Oifigigh Achomhairc sula ndearnadh an iarraidh a rinneadh agus tá iad seo á bpróiseáil faoi láthair. Cuireadh an t-achomharcóir ar an eolas ar na forais a bhain leis an iarraidh ar an athbhreithniú agus tugadh cuireadh dó a bhreathnóireacht ar na forais siúd a sheoladh ar aghaidh. Déanfar breithniú ar fhreagairt an achomharcóra a bhí ina litir dar dáta an 5 Deireadh Fómhair 2017 mar chuid den athbhreithniú a dhéanfar ar chinneadh ar an Oifigigh Achomhairc nuair a chuirfear tús leis an athbhreithniú sin. Maidir lena iarraidh ar éisteacht ó bhéal, dheimhnigh an Oifig Achomhairc Talmhaíochta gur thit éisteacht ó bhéal ar achomharc an achomharcóra amach an 23 Feabhra 2017 sular eisíodh cinneadh an Oifigigh Achomhairc. Foráiltear san Acht um Achomhairc Talmhaíochta, 2001, arna leasú, gur féidir leis an Stiúrthóir Achomhairc Talmhaíochta cinneadh Oifigeach Achomhairc a athbhreithniú más dealraitheach dó nó di go raibh an cinneadh earráideach mar gheall go ndearnadh botún éigin maidir leis an dlí nó na fíricí. Níl aon fhoráil sa reachtaíocht ar éisteacht bhreise ó bhéal mar chuid den phróiseas athbhreithnithe ag an Stiúrthóir.

Barr
Roinn