In 2017, bhuail mé leis an lucht bainistíochta sa stáisiún Raidió Rí-Rá agus sheol mé an aip nua don stáisiún, uirlis a thugann deis do dhaoine ar fud an domhain éisteacht lena gcuid clár. Bhí deis againn ag an am sin plé a dhéanamh ar obair an stáisiúin go dtí seo, agus ar na pleananna atá acu don am atá le teacht.
Faoin Acht Craolacháin, 2009, déantar foráil do chreat reachtúil le haghaidh seirbhísí craolacháin agus ilphléacs a cheadúnú agus a rialáil. Bunaíodh an tÚdarás Craolacháin na hÉireann (ÚCÉ) leis an Acht sin mar chomhlacht reachtúil neamhspleách chun ábhair i ngach seirbhís chraolacháin in Éirinn a rialáil.
Tá an ÚCÉ freagrach as seirbhísí neamhspleách um chraoladh raidió a cheadúnú, agus leagtar amach i gCuid 6 den Acht Craolacháin, 2009 an sásra trína gcuirfear an próiseas ceadúnaithe ar fáil mar a bhaineann sé le seirbhísí raidió tráchtála, pobail, sealadacha agus insitiúideacha. Níl feidhm agam maidir le seirbhísí craolacháin a cheadúnú.
Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an ÚCÉ ar a Straitéis um Sheirbhísí Craolacháin faoi láthair. Mar chuid den phróiseas seo, tá aighneachtaí á lorg acu ó pháirtithe leasmhara maidir le seirbhísí craoltóireachta fuaime breise a chur ar fáil, agus beidh an deis ag Raidió Rí-Rá páirt a ghlacadh sa phróiseas seo.