Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ceadúnas Imill Trá agus Dobharshaothraithe

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 17 April 2018

Tuesday, 17 April 2018

Ceisteanna (1550)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

1550. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil an bhfuil cás dlí á thabhairt nó an bhfuil bagairt dlí déanta in aghaidh na breithe ón Roinn ceadúnas imeall trá a cheadú d’Fhoras na Mara uimh. thag. FS006566 do láthair thástála gar don Spidéal i gContae na Gaillimhe; má tá, cén staid ina bhfuil cúrsaí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15575/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Fuair an Roinn seo páipéir dhlíthiúla ar an 29 Márta 2018. Ós rud é gur ábhar sub judice é seo, ní féidir liom aon rud eile a rá.

Barr
Roinn