Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foirne Scoile

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 17 April 2018

Tuesday, 17 April 2018

Ceisteanna (316)

Pearse Doherty

Ceist:

316. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuair sé comhfhreagras a sheol scoil i gContae Dhún na nGall (sonraí tugtha) chuige chun a gcás eisceachtúil a chur in iúl dó ó thaobh foireann teagaisc de; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [14941/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Foilsítear na critéir a bhaineann le leithdháileadh poist mhúinteoireachta go bliantúil ar shuíomh gréasáin na Roinne. Úsáidtear an sceideal foirne don scoilbhliain ábhartha agus rolluithe na ndaltaí ar an 30 Meán Fómhair roimhe sin mar eochairthoisc chun na hacmhainní foirne a chuirtear ar fáil i ngach scoil faoi leith a chinneadh.

Tá na critéir a bhaineann le Príomhoide Riaracháin a cheapadh i scoil, a bhaineann le rollú, leagtha amach in Aguisín B de Chiorclán 0010/2018. Ní shásaíonn an scoil dá dtagraíonn an Teachta na critéir sin. Ní féidir na socruithe sin a athrú.

Feidhmítear an sceideal foirne go soiléir agus go trédhearcach agus caitear le gach scoil den chineál céanna ar an mbealach céanna beag beann ar an áit ina bhfuil siad.

The criteria used for the allocation of teaching posts is published annually on the Department website. The key factor for determining the level of staffing resources provided at individual school level is the staffing schedule for the relevant school year and pupil enrolments on the previous 30 September.

The criteria for the appointment of an administrative principal to a school, which are enrolment related, are set out in Appendix B of Circular, 0010/2018. The school referred to by the Deputy does not meet this criteria. There is no scope to deviate from these arrangements.

The staffing schedule operates in a clear and transparent manner and treats all similar types of schools equally irrespective of location.

Barr
Roinn