Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Deontais Ranna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 24 April 2018

Tuesday, 24 April 2018

Ceisteanna (630)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

630. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cá mhéad airgead i ndeontais in aghaidh na bliana a íocadh leis na comhlachtaí forbartha ar an hoileáin taobh amuigh den Ghaeltacht in 2017; cá mhéad airgead, de réir comhlachta, atá ceadaithe dóibh in 2018; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [17963/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá na comhlachtaí forbartha a bhfuil tagairt déanta ag an Teachta dóibh á maoiniu ag mo Roinn le tamall de bhlianta. Cuireann mo Roinn maoiniú ar fáil dóibh trí Chomhar na nOileán Teo. Léiríonn an tábla a leanann an méid a híocadh leis na comhlachtaí in 2017 agus an méid atá ceadaithe dóibh do 2018:

COMHLACHT FORBARTHA

DEONTAS ÍOCTHA

2017

DEONTAS CEADAITHE

2018

Comhlacht Forbartha Inis Toirc

€84,650.00

€86,343.00

Comhlacht Forbartha Chliara

€90,700.00

€92,514.00

Comhlacht Forbartha Inis Bó Finne

€101,500.00

€103,530.00

Bere Island Projects Group Limited (BIPG)

€135,000.00

€137,700.00

Sherkin Island Development Society

€70,000.00

€70,000.00

Barr
Roinn