Ar mhaithe le tacú le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga atá mar chuid lárnach d'fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, tá soláthar airgid faoi leith curtha ar fail go bliantúil ó 2014, mar atá leagtha amach sa tábla a leanas:
Sonraí maoinithe 2014-2018
|
2014
|
2015
|
2016
|
2017
|
2018
|
€499,000
|
€546,000
|
€1,000,000
|
€1,250,000
|
€2,650,000
|
Feicfear ó na sonraí thuasluaite gur cuireadh go suntasch leis an gciste sin go céimiúil in aghaidh na bliana, rud a fhágann go bhfuil allúntas ar fiú €2.65m sannta d'fheidhmiú an phróisis sa bhlian reatha.
De thoradh an chiste shuntasaigh atá ar fáil in 2018, fágfaidh sé go mbeidh sé ar chumas mo Roinne treisiú a dhéanamh ar fheidhmiú an phróisis agus na Straitéise, dá réir. Bainfear leas as an gciste seo go príomha chun:
- tús a chur le feidhmiú pleananna ceadaithe i suas le 13 limistéar in iomlán faoi dheireadh na bliana. Sa chur chuige atá idir lámha ina leith, cuirfear ciste ar fiú suas le €100,000 - €150,000 ar fáil do limistéir a bhfuil pleananna ceadaithe ina leith. Cuirfidh sé seo ar a gcumas Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú le cúram a dhéanamh d'fheidhmiú an phlean teanga go háitiúil, ag brath ar riachtanais an cháis.
- Leanúint le tacú ullmhúchán pleananna sna limistéir pleanála teanga eile.
- An próiseas a bhrú chun cinn mar a bhaineann sé le hullmhú pleananna teanga sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta: Daingean Uí Chúis, An Clochán Liath, Cathair na Gaillimhe, Cathair Chorcaí, Leitir Ceanainn, Trá Lí agus Dún Garbhán.
- tacú le hullmhú pleananna sna líonraí Gaeilge: Cluain Dolcáin; Inis, Co an Chláir agus Baile Loch Riach, Co na Gaillimhe.
- roinnt bearta a chur sa tsiúil ar bhonn lárnach chun tacú tuilleadh le feidhmiú an phróisis trí chéile.
Is fiú a mheabhrú chomh maith, ar ndóigh, go bhfuil leas á bhaint i gcaitheamh an ama as an raon scéimeanna, bearta agus tionscnaimh atá á maoiniú ag mo Roinn ar bhonn leanúnach, neamhspleách ón gciste faoi leith thuasluaite, ar mhaithe le cabhrú tuilleadh le feidhmiú an phróisis, ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta.