Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Clár Bonneagair agus Infheistíochta Caipitil

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 8 May 2018

Tuesday, 8 May 2018

Ceisteanna (500)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

500. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sí pobal na Gaeilge i nGlas Naíon, Baile Átha Cliath a chosaint ó dhochar a d'fhéadfadh tógáil MetroLink a tharraingt orthu, ó tharla go bhfuil sé beartaithe suíomh mór tógála a thógáil in aice le Scoil Mobhí agus Scoil Chaitríona; an raibh comhráite aici le pobal Gaeilge na háite faoin gceist agus leis an Aire Iompair agus le BIÉ; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20009/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tuigfidh an Teachta nach bhfuil aon ról reachtúil agam maidir leis an gceist seo.  Tá curtha in iúl dom, áfach, go bhfuil an tÚdarás Náisiúnta Iompar, i gcomhar le Bonneagar Iompar Éireann tar éis tús a chur le próiseas comhairliúcháin phoiblí chun an bealach atá molta faoi láthair do MetroLink a phlé.

Leanfaidh an chéim seo den phróiseas comhairliúcháin go 11 Bealtaine 2018 agus táthar ag iarraidh ionchur ón bpobal i gcoitinne agus, go príomha, uathu siúd atá lonnaithe ar an mbealach féin, faoi mar atá Scoil Mobhí agus Scoil Chaitríona. Níl aon chinneadh críochnúil maidir leis an mbealach déanta go fóill.  Tuigtear dom go ndéanfar seo tar éis an phróisis comhairliúcháin.

Barr
Roinn