Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéim Áiseanna Pobail agus Teanga

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 9 May 2018

Wednesday, 9 May 2018

Ceisteanna (24)

Catherine Connolly

Ceist:

24. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cad é stádas phlean na Gaillimhe chun aitheantas mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta a bhaint amach; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20134/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (4 píosaí cainte)

Ceist shimplí dhíreach atá anseo. Cá bhfuil stádas phlean na Gaillimhe chun aitheantas mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta a bhaint amach?

Tugann Acht na Gaeltachta 2012 feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina mbeidh pleananna teanga á n-ullmhú ag leibhéal an phobail i leith ceantair a bhféadfaí aitheantas a thabhairt dóibh mar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta nó mar Líonraí Gaeilge.

Faoi réir an fhógra a rinneadh i gcomhréir le foráil 9(2) den Acht in 2016, tugadh an deis d'eagraíochtaí a bhí cáilithe go cuí iarratas a dhéanamh le Foras na Gaeilge le bheith freagrach as plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú do Chathair na Gaillimhe.

De thoradh próiseas roghnúcháin a eagraíodh ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an Acht, roghnaíodh an eagraíocht Gaillimh le Gaeilge in 2017 don chúram, i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Faoi réir an Achta, tá suas le dhá bhliain ag an eagraíocht chun an plean a ullmhú agus, i gcás nach leor an tréimhse sin, is féidir breis ama a cheadú más gá.

A luaithe go gcuirfear plean faoi mo bhráid agus go gceadófar é, beidh tréimhse seacht mbliana ann chun é a chur i bhfeidhm. Tuigtear don Roinn go bhfuil Gaillimh le Gaeilge i mbun comhairle ghairmiúil a lorg faoi láthair chun cabhrú leo le hullmhú an phlean. Faoi réir na socruithe a bhaineann le cur i bhfeidhm an phróisis, beidh fáil ar chomhairle agus cuidiú ag an eagraíocht ó Fhoras na Gaeilge, ní hamháin mar a bhaineann sé leis an obair ullmhúcháin atá idir lámha ach mar a bhaineann sé chomh maith le feidhmiú an phlean aontaithe i ndeireadh báire.

Ar nós na mbailte eile atá mar chuid den phróiseas, tá ciste ar fiú €20,000 curtha ar fáil do Ghaillimh le Gaeilge chun an plean a ullmhú.

Gabhaim buíochas leis an Aire as ucht stair an phróisis. Ní raibh sé sin ag teastáil uaim - tá sé agam. An rud atá ag teastáil uaim ná an staid in a bhfuil sé faoi láthair. Arís tá an freagra ceannann céanna a thabhairt: tá siad i mbun ullmhúcháin agus ag lorg duine faoi leith. Níl Gaillimh cosúil le chuile bhaile eile. Is cathair dhátheangach í, ar thairseach na Gaeltachta is mó sa tír, agus chomh maith leis sin tá aitheantas ar leith bainte amach ag Gaillimh mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa 2020. Ar chuile leibhéal tá gá leis an stádas seo a bhaint amach níos sciobtha. Tá meas faoi leith ag an eagraíocht Gaillimh le Gaeilge agus tá obair na gcapall déanta acu le fada an lá. Cén fáth a bhfuil moill ar an bpróiseas? Cá bhfuil stádas an phlean seo go díreach?

Is é an t-ábhar a bhí mé ag lua agus na sonraí a bhí agamsa ná an €20,000 atá i gceist le Gaillimh le Gaeilge agus tá meas mór agam maidir leis an dream Gaillimh le Gaeilge. Chas mé leo cúpla bliain ó shin agus tá siadsan freagrach agus rinne siad sár-jab agus sár-obair thar na blianta i gcathair na Gaillimhe agus tá an Ghaeilge le feiceáil dá bharr. Tá an Ghaeilge le feiceáil istigh sa Ghaeltacht i nGaillimh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá Gaillimh le Gaeilge cosúil le mo bhaile i Leitir Ceanainn fosta.

Tá Leitir Ceanainn ag déanamh a dhícheall, mar a bhfuil Daingean Uí Chúis. Tá sé ag bogadh ar aghaidh. Tá dhá bhliain caite ag ullmhú an phlean agus ina dhiaidh sin beidh seacht mbliana i gceist maidir le cur i bhfeidhm an phlean. Beidh mé sásta sonraí breise a chur ar fáil más rud é go bhfuil siad de dhíth.

Barr
Roinn