Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí Aeir Fóirdheonaithe

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 9 May 2018

Wednesday, 9 May 2018

Ceisteanna (27)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

27. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéad a chaithfear ar aeriompar chuig na hoileáin i mbliana; cad iad na hoileáin atá i gceist; an dtabharfaidh sí an briseadh síos ar an gcaiteachas; an bhfuil sí sásta le caighdeán na seirbhísí atá á gcur ar fáil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19997/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (6 píosaí cainte)

Tá mé ag iarraidh a fháil amach ón Aire Stáit cé mhéad atá le chaitheamh ar aeriompar chuig na hoileáin. Caithfear tabhairt san áireamh an titim ollmhór atá ar líon na bpaisinéirí atá ag úsáid na seirbhísí go háirithe mar go bhfuil an tseirbhís i bhfad níos measa agus níos teoranta ná mar a bhíodh sé. Nuair a ghlaonn daoine ag iarraidh dul ar an eitleán, deirtear go bhfuil an t-eitleán lán.

Tá dhá seirbhís aeriompar de ardchaighdeán fóirdheonaithe ag mo Roinn, seirbhís faoi oibleagáid, seirbhísí poiblí a fhreastalaíonn ar Oileáin Árainn, Contae na Gaillimhe agus seirbhís ingearán do Thóraí, Contae Dhún na nGall le linn an gheimhridh. Maidir le seirbhís ar Oileáin Árainn, meastar go gcaithfear €2.3 milliún air in 2018, comhdéanta mar seo a leanas: seirbhís aer PSO - €79,000; táillí tuirlinge paisinéirí iníocta le hAer Arann - €450,000; bainistiú aerfort Chonamara - €507,000; bainistiú aerfoirt ar na hoileáin - €486,000; rátaí ag na haeradróim ar na hoileáin - €6,000. Sin figiúir iomlán de €2.3 milliún. Tá an tseirbhís ingearán do Thóraí comhmhaoinithe le haonad na Feidhmeannachta na Seirbhíse Sláinte agus faoi láthair cuirtear maoiniú ar fáil do sheirbhísí seachtainiúil ó Mhí na Samhna go Mí an Mhárta. Is buiséad bliantúil de €150,000 atá curtha ar fáil ag mo Roinn don tseirbhís seo. Tá mo Roinn ag fiosrú i láthair na huaire le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi féidearthacht an tseirbhís a leathnú amach ar feadh trí mhí eile, ach níl costas ar fáil do sin go fóill.

I gcás Oileán Thóraí, ar smaoinigh an tAire Stáit ar sheirbhís seachtainiúil a chur ar fáil i gcaitheamh na bliana ar fad? Maidir le na hOileáin Árainn, an nglacadh leis nach bhfuil caighdeán na seirbhísí atá ar fáil go dtí na hoileáin leagtha amach agus a bhí nuair a tháinig Fine Gael i gcumhacht sa bhliain 2011 agus go bhfuil sé imithe ar gcúl ar fad ó thaobh na n-oileánach de?

Níl mé ábalta labhairt faoin gcomparáid mar ba é an chéad am a chonaic mé an tseirbhís agus an ardchaighdeán ná nuair a tháinig mise isteach in 2014 mar Aire Stáit ar son na Gaeltachta. Roimhe sin agus go dtí seo, bhí mé agus tá mise i gcónaí i mbun labhartha le na daoine lonnaithe ar an oileán, mar shampla, na comharchumainn agus daoine atá freagrach agus i gceannaireacht ar na hoileáin fosta. Tá siad i gcónaí ag labhairt fadúda tábhacht an tseirbhís aeir. Tuigim an tábhacht agus bhí conspóid mhór cúpla bliain ó shin maidir leis an scéal sin, ach anois tá mé ag amharc agus ag obair agus tá tábhacht na seirbhíse le feiceáil. Táim i gcónaí ag labhairt le mo comhghleacaí, an tAire Stáit, an Teachta Kyne, fosta agus leis an Teachta Ó Cuív féin. Tá seisean freagrach as an gceantar Dála fosta. Má tá imní air nó ar aon duine maidir leis an seirbhís, beidh mé sásta suí síos le chéile leo.

Ar chuala an tAire Stáit ariamh an leagan Bodhaire Uí Laoghaire? Séard atá i gceist le Bodhaire Uí Laoghaire ná nuair nach dteastaíonn ó dhuine rud a chloisteáil. An bhfuil an tAire Stáit ag rá liomsa, nár chuala sé aon ghearán ó na hoileánaigh ó a chuir sé an conradh nua i bhfeidhm maidir leis an tarraingt siar iomlán atá i gceist ó thaobh líon na seirbhísí atá ar fáil go dtí na hOileáin Árann?

An bhfuil an tAire ag rá liom anseo inniu go bhfuil sé sásta casadh liomsa agus leis an Teachta Kyne agus leis na Teachtaí eile sa Dáilcheantar agus leis na hoileánaigh chun an cheist seo a phlé go luath? An bhfuil an tAire ag rá go bhfuil? Tacaím go mór roimhe sin, mar cheap mé féin ón méid a bhí ráite ag an Aire go mbeadh ionadh an tsaoil air faoi céard a déarfadh siad leis. Fáiltím roimh an ngeallúint sin. An smaoineodh an tAire ar sheirbhís bhliantúil a chur ar fáil d'Oileán Thoraí? An bhfuil freagra ag an Aire chun críochnú ar an ábhar seo?

Ar an dara hábhar maidir leis an gcruinniú a eagrú bheinn sásta é sin a dhéanamh, agus chomh maith leis sin, táim i gcónaí ag labhairt leis na daoine atá lonnaithe ar na hoileáin agus níl sé ceart go mbeadh imní ar na daoine agus dá mbeadh imní ar na daoine, bheinn sásta é sin a dhéanamh. An méid a bhí á rá agam inniu, cinnte gur chuala mé achan am nuair a bhí mé sa phost seo go mbeadh deacrachtaí agus rudaí mar sin. Dá mbeadh na deacrachtaí le feiceáil agus dá mbeadh sonraí breise ar fáil uait bheinn sásta é sin a dhéanamh.

Maidir leis an ábhar thuas ar Oileáin Thoraí, bhí cruinniú ar an oileán coicís ó shin, agus mar atá a fhios ag an Teachta, bhí an tUasal Pól Ó Gallchóir ag an gcruinniú agus bhí príomhphointí ar fáil le feiceáil go soiléir maidir leis na rudaí a bhí muintir Thoraí ag iarraidh amach anseo. Rud amháin a bhí siadsan ag iarraidh ná trí mhí bhreise. Dá mbeadh airgead agus acmhainní ar fáil i dtaobh na rudaí breise a chur i bhfeidhm bheinn sásta é sin a dhéanamh. Thug an tUasal Pól Ó Gallchóir agus an Roinn gealltanas maidir na príomhspriocanna atá ag muintir Thoraí agus ag oifigigh mo Roinne.

Question No. 28 replied to with Written Answers.
Barr
Roinn