Pearse Doherty
Ceist:293. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sí ar an eolas faoi na deacrachtaí atá ag coláiste Gaeilge i gContae Dhún na nGall (sonraí curtha ar fáil) maidir le tacaíochtaí airgeadais a fháil ó na gníomhaireachtaí ábhartha, rud a fhágann nach dtig leis an gcoláiste rochtain a fháil ar roinnt de na scéimeanna atá dírithe ar an nGaeilge a theagasc do scoláirí; an iarrfaidh sí ar oifigigh na Roinne an cás seo a chíoradh agus dul i dteagmháil leis an gcoláiste d’fhonn cuidiú a chur ar fáil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20220/18]
Amharc ar fhreagra