Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Teanga Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 15 May 2018

Tuesday, 15 May 2018

Ceisteanna (97)

Maureen O'Sullivan

Ceist:

97. D'fhiafraigh Deputy Maureen O'Sullivan den an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála an aontaíonn sé gur cuid lárnach de phróiseas na síochána ó thuaidh í an reachtaíocht Ghaeilge agus í go fóill mar cheist chothromaíochta nach bhfuil réitithe, agus ag seasamh amach ó Chomhaontú Chill Rímhinn; agus an dtacóidh sé le moladh Chonradh na Gaeilge gur chóir an clásal seo a leanas a chur leis an rannóg Prótacail ar Éirinn ar leathanach 108 sa Dréacht-Chomhaontú Aistarraingthe:[1] “Gealltanas Rialtas RA agus na hÉireann, ar son reachtaíocht Ghaeilge i dTuaisceart Éireann de réir na gComhaontuithe 1998 agus 2006, á aisghairm. [20951/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is nithe tábhachta de Comhaontú Aoine an Chéasta iad éagsúlacht teangeolaíoch agus an Ghaeilge. Tá roinnt eilimintí de Chomhaontú Aoine an Chéasta agus Chomhaontú Chill Rímhinn nach bhfuil curtha i bhfeidhm go hiomlán go fóill, iad siúd a bhaineann le hAcht Gaeilge ina measc. Is é seasamh daingean an Rialtais ná go gcaithfidh Comhaontú Aoine an Chéasta agus na Comhaontaithe comharba a bheith curtha i bhfeidhm ina hiomlán.

Rinneadh foráil i gComhaontú Chill Rímhinn i 2006 d’Acht Gaeilge i dTuaisceart Éireann a bheith achtaithe ag Rialtais na Breataine. Rinne Rialtais na hÉireann i ndiaidh a chéile, tacú le hAcht Gaeilge agus leanann muid ar aghaidh ag obair ar a son. Faraor, go dtí seo ní raibh aontas laistigh den Fheidhmeannas ar ábhar atá anois déabhlóidithe chun é a thabhairt chun cinn.

Tá an Tánaiste i dteagmháil go minic le Rialtas na Breataine agus na páirtí i dTuaisceart Éireann maidir le athbhunú an Feidhmeannas agus chur i bhfeidhm gealltanais Comhaontú Aoine an Chéasta agus na Comhaontaithe comharba, Acht Gaeilge do Thuaisceart Éireann san áireamh.

Ní bheadh sé oiriúnach foráil a dhéanamh d’Acht Gaeilge mar chuid den dréacht Comhaontú d’Astarraignt na Breataine ón Aontas Eorpach ós rud é nach bhfuil ach dlínse fíor-teoranta ag an Aontas Eorpach maidir leis an ceist seo, tá gealltanais soiléir i gComhaontú Aoine an Chéasta agus na gComhaontaithe comharba agus ní aontaíonn sé le nadúr agus aidhm an dréacht Comhaontú. Tá ról i bhfad níos mó ag Comhairle na hEorpa a bhfuil freagrach don Coinbhinsiúin Frámaíocht ar son Cosaint Mionlach Naisiúnta a dhaignigh Éire i 1999 ag comhlíonadh an gealltanas i gComhaontú Aoine an Chéasta.

Barr
Roinn