Mar fheagairt ar cheist an Teachta Dála, ní glacaim leis nach bhfuil a dhóthain Státseirbhísigh i mo Roinn nach féidir leo déileáil le fiosrúcháin agus comhfhreagras trí Ghaeilge. Faoin bPlean Gnímh agus an Chairt do Chustaiméirí tá mo Roinn tiomanta chun iarracht a dhéanamh plé le haon custaiméir ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge.
Mar gheall ar nádúr d’fheidhmeanna agus a chuid oibre, níl leibhéil ard nó teagmháil dhíreach nó scéimeanna agus seirbhisí á chur ar fáil go díreach do bhaill aonair den phobal i gcoitinne. Tá seirbhisí á chur ar fáíl ag mo Roinn go phríomh trí Bhéarla, le sheirbhisí teoranta a chur ar fáil go dátheangach.
Cé nach n-aithnítear aon phoist a bhfuil riachtanas Ghaeilge ag baint leis, tá liosta don lucht oibre atá Gaeilge líofa acu agus is féidir leo cabhrú le seirbhisí a sholáthar nuair atá sé ag teastáíl. Ó am go ham, bíonn raidhse mhór nó cáipéisí móra a bhfhuil gá le haistritheoirí seachtracha a sholáthair.
Faightear na haistritheoirí seachtracha a thugann aird de na nósanna imeachta soláthair a bhfuil tairscintí iomaíochta riachtanach.