Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí Oileán

Dáil Éireann Debate, Thursday - 31 May 2018

Thursday, 31 May 2018

Ceisteanna (255)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

255. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil aon chead tugtha i scríbhínn do Chomhairle Contae na Gaillimhe pleananna a réiteach do chéim 2 agus 3 d’fhorbairt Ché Inis Meáin; cad é méid an chaiteachais mheasta ar an togra atá ceadaithe le dearadh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [24139/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Bíonn cruinnithe rialta idir oifigigh mo Roinne agus Comhairle Chontae na Gaillimhe ag a bpléitear forbairt Ché an Chalaidh Mhóir.  Anuas air sin, tá forbairt na cé seo luaite sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027, rud a léiríonn  dáiríreacht mo Roinne maidir leis an togra a bhrú chun cinn. 

Tá na féidearthachtaí maidir lena forbairt pléite le coiste na cé ar roinnt ócáidí agus táthar ag éisteacht lena gcuid mianta.  Táthar anois ag tógáil céimeanna chun aontú a fháil maidir le scóip na forbartha, i gcomhthéacs na n-acmhainí airgeadais a bheidh ar fáil do mo Roinn sna blianta amach romhainn agus na n-éileamh éagsúla ar na hacmhainí sin.  Agus é sin déanta, déanfar an cás a mheas, faoi réir théarmaí an Chóid um Chaiteachas Poiblí, chun comhairleoirí a cheapadh le tabhairt faoi dhearadh na n-oibreacha.

Barr
Roinn