Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Údarás na Gaeltachta Expenditure

Dáil Éireann Debate, Thursday - 31 May 2018

Thursday, 31 May 2018

Ceisteanna (256, 257, 258)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

256. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an raibh plé aici le hÚdarás na Gaeltachta ar na riachtanais chaipitil do 2019; an bhféadfadh an tÚdarás €12 milliún a chaitheamh sa bhliain sin ar thograí caipitil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [24142/18]

Amharc ar fhreagra

Éamon Ó Cuív

Ceist:

257. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cad é an líon post breise a d’fhéadfadh Údarás na Gaeltachta a chruthú sna blianta 2019, 2020 agus 2021 dá mbeadh €12 milliún ar fáil dóibh do chaiteachas caipitil sna blianta sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [24143/18]

Amharc ar fhreagra

Éamon Ó Cuív

Ceist:

258. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén méid airgid a chuir an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail agus Fiontraíocht Éireann ar fáil d’Údarás na Gaeltachta i ngach bliain ó 2009 i leith; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [24144/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

I propose to take Questions Nos. 256 to 258, inclusive, together.

I dtús báire ní miste dom a rá go mbíonn plé ar bhonn rialta ag Oifigigh mo Roinne agus go deimhin agam féin le hÚdarás na Gaeltachta maidir le réimsí éagsúla lena n-áirítear riachtanais chaipitil na heagraíochta.

Tuigim go maith go bhfuil sé mar sprioc straitéiseach ag Údarás na Gaeltachta a bhuiséad caipitil a mhéadú thar tréimhse ama go €12m in aghaidh na bliana. Ár ndóigh, mar is eol don Teachta, tá gealltanas tugtha sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027 go méadófar, ar bhonn céimiúil, allúntas bliantúil caipitil an Údaráis ó €7m go €12m. Déanfar cinneadh maidir le hamchlár an mhéadaithe seo agus na spriocanna fostaíochta a bhainfidh leis le linn an ghnáthphróisis meastacháin agus pleanála ghnó sna blianta atá amach romhainn. Tuigfidh an Teachta go ndéanfar soláthar airgid don Údarás don bhliain 2019 a mheas tríd an bpróiseas meastacháin agus cáinaisnéise níos déanaí i mbliana.

Maidir leis an gceist faoin méid airgid a chuir an tÚdarás Forbartha Tionscail nó Fiontraíocht Éireann ar fáil don Údarás, tá deimhnithe ag an eagraíocht nach gcuireann ceachtar don dá eagraíocht sin aon airgead ar fáil dóibh. Is amhlaidh, mar thoradh ar chomhoibriú agus socrú atá déanta ag Údarás na Gaeltachta le Fiontraíocht Éireann go bhfuil an tÚdarás ábalta tacaíochtaí agus scéimeanna áirithe a thairiscint dá chliantchomhlachtaí a bhíonn ar fáil do chomhlachtaí taobh amuigh den Ghaeltacht (mar shampla An Scéim Taighde & Forbartha). Sna cásanna seo, bíonn na deontais íoctha ag Údarás na Gaeltachta lena chuid cliant agus ansin faigheann an tÚdarás aisíocaíocht ó Fiontraíocht Éireann ina leith. Tá an méid airgid a bhain cliantchomhlachtaí an Údaráis tairbhe as faoi na scéimeanna sin i ngach bliain ó 2009 i leith leagtha amach sa tábla thíos.

Bliain

2009

1,862,176

2010

2,203,830

2011

3,520,607

2012

370,000

2013

1,447,255

2014

1,169,417

2015

0

2016

0

2017

684,985

2018 go dáta

0

Iomlán

€11,258,270

Barr
Roinn