Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéim na gCúntóirí Teanga

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 12 June 2018

Tuesday, 12 June 2018

Ceisteanna (1342, 1343)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

1342. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén fáth nach mbeidh cúntóirí teanga breise á gcur ar fáil Meán Fómhair seo chugainn i scoileanna ina bhfuil gá leo agus atá páirteach sa Scéim Aitheantais mar Scoil Ghaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [25071/18]

Amharc ar fhreagra

Éamon Ó Cuív

Ceist:

1343. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén fáth a bhfuil cúntóirí teanga breise geallta ó Mheán Fómhair seo chugainn do roinnt scoileanna nach bhfuil páirteach sa Scéim Aitheantais mar Scoil Ghaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [25072/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

I propose to take Questions Nos. 1342 and 1343 together.

Níl aon fógra déanta agam fós maidir leis na scoileanna a bheidh ag fáil tacaíochta faoi Scéim na gCúntóirí Teanga don scoilbhliain 2018/19.

I láthair na huaire, tá mo Roinn ag tabhairt faoi athbhreithniú ar Scéim na gCúntóirí Teanga lena chinntiú go bhfuil an scéim ag feidhmiú ar an gcaoi is fearr is féidir mar thaca don Phróiseas Pleanála Teanga agus an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta araon. Is é Lárionad Taighde agus Foghlama Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath atá i mbun an athbreithnithe thar ceann na Roinne.

Mar is iondúil ag an tráth seo den bhliain, tá na socruithe idir lámha faoi láthair ag mo Roinn, i gcomhar leis na páirtithe leasmhara atá ag plé le riar na scéime thar ceann na Roinne, i dtreo allúntas na scoilbhliana 2018/2019 a fhógairt go luath.

Is féidir leis an Teachta glacadh leis gur i dtreo cur leis an líon scoileanna atá aitheanta faoi Scéim na gCúntóirí Teanga, agus í a threisiú tuilleadh de thoradh an athbhreithnithe, atá mo Roinn ag díriú i rith an ama.

Barr
Roinn