Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oibreacha Feabhsúcháin do Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 12 June 2018

Tuesday, 12 June 2018

Ceisteanna (333)

Catherine Connolly

Ceist:

333. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Oideachais agus Scileanna maidir le ceist 157 an 28 Márta 2018, an bhfuil an fhaisnéis a bhí á lorg ag an Roinn faighte; an ndéanfaidh sé soiléiriú a thabhairt maidir le stádas an iarratais atá déanta ag an scoil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24630/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, cheadaigh mo Roinnse deontas suntasach cineachta i Meán Fómhair 2014 don scoil i dtrácht le haghaidh leathnú buan agus oibreacha athchumraíochta a d’fhágfadh go bhféadfaí gach cóiríocht réamhdhéanta a bhaint de shuíomh na scoile.

Beidh a fhios agat go bhfuil an plean costais athcheartaithe, a fuarthas ó údarás na scoile mí Aibreáin seo caite, á scrúdú faoi láthair agus beidh mo Roinnse i dteagmháil leis an scoil mar gheall air go luath.

Barr
Roinn