Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ceisteanna Craolacháin

Dáil Éireann Debate, Thursday - 21 June 2018

Thursday, 21 June 2018

Ceisteanna (14)

Catherine Connolly

Ceist:

14. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén ionchur a bhí nó atá aici le maidir le líon na gclár Gaeilge a chraolann RTÉ taobh amuigh de TG4 agus Raidió na Gaeltachta; an bhfuil sí sásta go bhfuil RTÉ ag comhlíonadh a chuid dualgas reachtúil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [27072/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Níl aon ról reachtúil agam maidir le cúrsaí craolacháin in RTÉ agus, dá bhrí sin, ní bhíonn aon ionchur agam maidir le líon na gclár Gaeilge a chraoltar ar an stáisiún.

É sin ráite, tá mo Roinn ag déanamh na socruithe faoi láthair chun Plean Gníomhaíochta 5 Bliana faoin Stráitéis 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a sheoladh.  Is é príomhaidhm an Phlean Gníomhaíochta seo gníomhaíochtaí sonracha a aithint agus a leagan síos, a bhfuil eagraíochtaí sonracha luaite le bheith freagrach as iad a chur i bhfeidhm agus amscálaí sonracha luaite chuige sin, chun a chinntiú go mbainfear na cuspóirí sonracha sin amach.  Mar chuid den phróiseas sin, bhí plé dearfach ag oifigigh mo Roinne le RTÉ agus beidh ról lárnach ag RTÉ sa Phlean Gníomhaíochta, áit a mbeidh sraith gníomhaíochtaí sonracha luaite leis an eagraíocht.

Tá Plean Ghníomhaíochta Gaeilge forbartha agus á gcur i bhfeidhm  ag RTÉ chomh maith le blianta beaga anuas, le maoiniú de €70,000 in aghaidh na bliana, thar tréimhse trí bliana, curtha ar fáil ó mo Roinn.  Tá an Phlean seo ag cur go mór le seirbhísí RTÉ ar-líne, go háirithe i réimsí na foghlama ar-líne, na seirbhísí do ghasúir, do dhaltaí scoile agus do mhic léinn ollscoile in Éirinn, agus thar sáile. Go ginearálta, tá an cur chuige nua seo ag méadú feiceálacht na Gaeilge ar RTÉ, rud a theastaigh go géar le roinnt mhaith blianta anuas.  Mar chuid den cur chuige cruthaíodh ról do Chomhordaitheoir ar Ábhar Digiteach, le freagracht as eagarthóireacht Gaeilge, foilsitheoireacht agus na meáin shóisialta, ionas gur féidir forbairt mhórthábhachtach a dhéanamh sa réimse digiteach.  Sampla den dul chun cinn atá déanta ná go raibh tráchtaireacht i nGaeilge le cloisteáil ar chluichí ceannais na hÉireann le cúpla bliain anuas.

Barr
Roinn