Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Limistéir Pleanála Teanga

Dáil Éireann Debate, Thursday - 21 June 2018

Thursday, 21 June 2018

Ceisteanna (3)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

3. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta céard é líon na bpleananna teanga atá á gcur i bhfeidhm i mbliana, taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht faoi seach; cén caiteachas atá ceadaithe do na pleananna seo i mbliana; céard é an caiteachas go dáta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [26804/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (10 píosaí cainte)

Caithfear faire amach don fhoclaíocht sa cheist seo. Níl mé ag iarraidh a fháil amach faoi phleananna atá á réiteach. Tá mé ag caint ar phleananna atá á gcur i bhfeidhm. Cé mhéad plean teanga atá á chur i bhfeidhm taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht? Cén caiteachas atá ceadaithe do na pleananna sin? Níor chóir go gcuirfeadh an tAire Stáit san áireamh airgead atá curtha i leataobh le pleananna a réiteach, mar níl sé sin sa gceist.

Ar bhonn an cheist a fuair mise, maidir le staid reatha an phróisis pleanála teanga trí chéile ó thaobh na Gaeltachta de, tá an próiseas idir lámha i ngach aon cheann den 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta faoi láthair. Tá ocht bplean teanga ceadaithe faoin bpróiseas go dáta. Is iad na limistéir atá ceadaithe ná: Cois Fharraige; Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir; Cloch Chionaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh; Na Déise; Muscraí; Ciarraí theas; Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh; agus Ciarraí thiar. Tá na ceanneagraíochtaí sna limistéir seo i mbun ullmhúchán chun na pleananna a chur i bhfeidhm dá réir, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta. Tá pleananna teanga á mbreithniú ag mo Roinn faoi láthair i leith an ceithre limistéar a leanas: An Cheathrú Rua; Maigh Eo thuaidh; Árainn Mhór; agus Conamara láir.

Lena chois sin táthar ag súil leis go mbeidh pleananna i leith an sé limistéar a leanas á gcur faoi bhráid na Roinne ag Údarás na Gaeltachta idir seo agus deireadh na bliana: Ceantar na nOileán; Ráth Chairn agus Baile Ghib; Dún na nGall theas; Tóraigh; tuaisceart Dhún na nGall; agus Oileán Árann.

Ceaptar go mbeidh pleananna teanga i leith an naoi gceantar eile atá i gceist curtha faoi bhráid mo Roinne chun críche faofa roimh 2020. Maidir leis na bailte seirbhíse Gaeltachta, a bhí san áireamh sa cheist a chur an Teachta, tá ullmhúchán pleananna ar siúl faoi láthair i leith: Daingean Uí Chúis; An Clochán Liath; cathair na Gaillimhe; cathair Chorcaí; Leitir Ceanainn; Trá Lí agus Dún Garbháin.

Maidir leis na líonraí Gaeilge, tá ullmhúchán pleananna idir lámha i leith Cluain Dolcáin, Inis agus Baile Locha Riach.

Mar a bhaineann sé le 2018, tá allúntas ar fiú €2.65 milliún curtha ar fáil faoin gciste sa bhliain reatha. Bainfear úsáid as an gciste seo chun na rudaí seo a leanas a dhéanamh go príomha: leanúint le tacaíocht a chur ar fáil mar a bhaineann sé le hullmhúchán pleananna; agus allúntas ar bhonn limistéir pleanála teanga Gaeltachta, ar fiú suas le €100,000 go bliantúil a chur ar fáil chun tacú le feidhmiú pleananna faofa.

Níl fhios agam ar léigh an tAire Stáit an cheist. An cheist a bhí ann ná cad iad líon na bpleananna teanga atá á gur i bhfeidhm i mbliana taobh istigh nó taobh amuigh den Ghaeltacht. Thug an tAire Stáit freagra, nach mór, ar an gcuid sin den cheist. Níl aon bhaint aige leis an airgead atá ceadaithe do rudaí eile leis an gcaiteachas atá ceadaithe do na pleananna seo i mbliana. Céard é an caiteachas cothrom le dáta atá leis seo? An bhféadfá a rá liom, mar a d'iarr mé, ceist an-simplí í, cé mhéad airgead atá ceadaithe do na pleananna atá faofa ag an Aire Stáit cothrom le dáta atá le caitheamh i mbliana? Uimhir a dó, cé mhéad de sin atá caite cothrom le dáta? Glacaim leis go bhfuil a fhios ag an Aire gurb é seo an 21 lá de Mheitheamh 2018.

Go raibh míle maith agat. Tá Foras na Gaeilge freagrach as na pleananna teanga taobh amuigh den Ghaeltacht agus tá Údarás na Gaeltachta freagrach as na pleananna teanga a chur i bhfeidhm le pobal na Gaeltachta laistigh den Ghaeltacht, mar a bhfuil a fhios ag an Teachta. Ní bheidh mise nó an Roinn freagrach as an airgead a ghabháil díreach chuig na grúpaí éagsúla. Táim ag fanacht ar na billí ó Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, dá bharr níl a fhios agam inniu cé mhéad a bheidh i gceist. B'shin an fáth leis seo. Thug mé gealltanas €2.6 milliún a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta, d’Fhoras na Gaeilge agus do phobal na Gaeilge laistigh den Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht, agus tá €2.6 milliún ar fáil i mbliana fa choinne na pleananna teanga a chur i bhfeidhm. Anois tá ocht díobh ag bogadh ar aghaidh laistigh den Ghaeltacht, mar a bhfuil a fhios ag an Teachta, agus idir €100,000 agus €150,000 i gceist le haghaidh dreamanna difriúla. Anois táim ag fanacht-----

Taobh amuigh den Ghaeltacht-----

Duine amháin le bhur dtoil---

Bunaithe ar an meán de €150,000, má mhéadaíonn duine €150,000 - mar a d'admhaigh an tAire féin níl €150,000 i gceist le cuid acu - faoi 13, ní bhfaighidh duine €2.67 milliún. Tá go leor rudaí eile clúdaithe faoin gceannteideal pleanála teanga. I gcónaí riamh, bhí Aire na Gaeltachta in ann eolas a fháil ó Fhoras na Gaeilge agus ó Údarás na Gaeltachta maidir le ceisteanna Dála.

An bhfuil an tAire ag rá liomsa nach raibh sé in ann a fháil amach ó Fhoras na Gaeilge agus ó Údarás na Gaeltachta cé mhéad airgead atá ceadaithe acu do chur i bhfeidhm pleananna teanga i mbliana, agus nach bhfuil a fhios ag an Roinn é sin, agus nach raibh sé in ann ceist a chur orthu cé mhéad de sin atá caite cothrom le dáta ar chur i bhfeidhm pleananna teanga nó an é atá ar bun ag an Aire ná go bhfuil sé ag seachaint na gceisteanna?

Níl na sonraí agam inniu i dtaobh an cheangail idir Fhoras na Gaeilge, an Roinn agus Údarás na Gaeltachta maidir leis an airgead a bhí i gceist i dtaobh na mbillí ach bheinn sásta na sonraí sin a fháil amach agus é sin a dhéanamh don Teachta.

D'ardaigh an Teachta ceist i dtaobh na difríochta idir €100,000 agus €150,000 fosta agus tá an ceart ag an Teachta. Bhí conspóidí móra ag an am a sheolamar an plean. Bhí €100,000 i gceist agus d'athraigh mé le linn dom comhrá a bheith agam faoi ag an am agus bhí coimhlintí ollmhóra idir phobail na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta. Ba iad na daonraí láidre agus an tíreolaíocht láidir na príomh-spriocanna agus na coinníollacha ba chúis leis an rogha a dhéanamh faoi cén dream agus cén limistéar pleanála teanga a bheadh ag fáil an t-airgead breise.

Maidir leis an gceist i dtaobh sonraí na mbillí a bheidh ag teacht ó Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta, beidh mé sásta na sonraí sin a fháil agus beidh mé i dteagmháil leis an Teachta.

Question No. 4 replied to with Written Answers
Barr
Roinn