Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oiliúint Múinteoirí

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 19 September 2018

Wednesday, 19 September 2018

Ceisteanna (71)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

71. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé i gceist fáil réidh leis na táillí a bhíonn ar mhic léinn mhúinteoireachta a íoc le dul go dtí an Ghaeltacht agus an bhfuil sé i gceist na deontais chothabhála a thabhairt ar ais do na mic léinn a fhreastalaíonn ar na cúrsaí Gaeltachta; cad é an costas a mheastar a bhainfeadh leis an dá rud seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [37978/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Cinneadh deireadh a chur leis na deontais don socrúchán Gaeltachta le linn na géarchéime eacnamaíche nuair ab éigean cinntí an-deacra a dhéanamh chun cúrsaí airgeadais an náisiúin a chobhsú.  Tugadh tosaíocht do chosaint acmhainní do sheirbhísí tosaigh oideachais chomh fada agus a d'fhéadfaí sin a dhéanamh, agus baineann dúshlán mór leis sin go fóill agus an líon páistí atá in aois scoile ag fás. 

Bheadh costas bliantúil isteach agus amach le €1.8m i gceist dá mbeadh an costas iomlán a bhaineann leis an socrúchán Gaeltachta do 1,200 ábhar múinteora á mhaoiniú ag mo Roinnse agus  €1m  dá gcuirfí na rátaí maoinithe a bhí ann roimhe seo i bhfeidhm.

Chun cuidiú leis an gcostas a bhaineann le socrúchán Gaeltachta a sheasamh, ba chóir a lua gur féidir le mic léinn a bhfuil deontas mic léinn á fháil acu a chuimsíonn deontas táille 100%, nó a bheadh incháilithe i gcomhair deontas iomlán táillí murach na Scéimeanna Saortháillí, cur isteach ar mhaoiniú i leith costais taistil agus lóistín, faoi ghné an turais allamuigh den deontas táille, faoi réir na ngnáththéarmaí agus coinníollacha a bhaineann le scéim deontais na mac léinn.

Seachas sin, i gcúinsí ina bhfuil gátar faoi leith, is féidir le mic léinn iarratas a dhéanamh ar thacaíocht ón gCiste Cúnaimh do Mhic Léinn. Tá eolas maidir leis an gciste sin ar fáil tríd an Oifigeach Rochtana san institiúid tríú leibhéal a bhfuiltear ag freastal uirthi.

Níl an maoiniú ar fáil do mo Roinnse chun an tacaíocht sin a chur ar ais.

Barr
Roinn