Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foras na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 October 2018

Tuesday, 16 October 2018

Ceisteanna (682)

Peadar Tóibín

Ceist:

682. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sí ar an eolas go bhfuil go leor oibrithe i bhForas na Gaeilge, atá ar phá laghdaithe ar threoir a Roinne, nach bhfuil ar Aguisín 2A de Chiorclán 22/2017, cé gur fostaíodh iad i ndiaidh 1995 atá ag íoc ÁSPC d’aicme A agus atá ag íoc pinsin; agus an dtabharfaidh sí treoir don Roinn na hoibrithe cuí ar Aguisín 2A a íoc láithreach agus socrú a dhéanamh chun na híocaíochtaí siarghabhálacha a bhaineann leis seo agus a théann siar na blianta a réiteach freisin. [42120/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

I dtús báire, ba choir dom a mhíniú go mbaineann ceisteanna maidir le pá fostaithe Fhoras na Gaeilge le cúinsí oibríochtúla inmheánacha na háisíneachta.

Tuigtear dom go mbaineann Ciorclán 22/2017 le státseirbhísigh agus, ag brath ar a gcúinsí, d'fhéadfadh sé nach mbaineann sé le comhlachtaí Stáit eile.

Ar ndóigh, ní hionann socruithe pá agus pinsin na státseirbhíse agus socruithe do na forais trasteorann, ag eascairt as a stádas uathúil ag fostú foirne sa dá dhlínse. Go hachomair, i gcás na bhforas trasteorann, tuigtear dom go bhfuil cúrsaí pá don fhoireann ó dheas ag brath ar chatagóir a mballraíochta sa Scéim Pinsin Thuaidh Theas, sin é, an bhfuiltear sa bhunscéim nó sa scéim le cearta forchoimeáta.

Is féidir liom a rá, áfach, go bhfuil treoir shoiléir faighte ag Foras na Gaeilge, ó mo Roinn agus ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i ndáil le Ciorclán 22/2017 agus go bhfuil an treoir sin á cur i bhfeidhm.

Barr
Roinn