Molaim Ceisteanna Uimh. 111 go 112, cuimsitheach, a fhreagairt le chéile.
Cé nach ndéanann mo Roinn inniúlacht sa Ghaeilge a mheas go foirmiúil don chuid is mó de rólanna, ta líon suntasach dár bhfoireann inniúil lena gcuid ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Is féidir leis na hoifigigh seo iad féin a chur chun tosaigh le gloanna a ghlacadh as Gaeilge agus seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge nuair is gá, agus go dtí seo tá sé déanta ag 56 oifigeach. Tá trí ról faoi leith ag mo Roinn ag a bhfuil an Ghaeilge riachtanach; an tOifigeach Gaeilge agus dá ról seirbhís chustaiméara sa tSeirbhís Pas. Líonadh na rólanna sin ag oifigigh a rinneadh measúnú ar a gcuid inniúlacht sa Gaeilge ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.
Ina theannta sin, úsáideann oifigigh atá lonnaithe inár misin thar lear an Ghaeilge go minic chun seirbhísí a sholáthar do bhaill an diaspóra. Oibríonn ár ngréasán d’ambasáid agus consalachtaí le páirtnéirí Gaeilge chomh maith le cur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt d’úsáid na Gaeilge thar lear. Tá tacaíocht tugtha ag mo Roinn do roinnt eagraíochtaí agus tionscadail Gaeilge le tacú le cláranna Gaeilge tríd an gClár Tacaíochta Eisimirceach.