Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foireann Roinne

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 24 October 2018

Wednesday, 24 October 2018

Ceisteanna (188)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

188. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cad iad na céimeanna atá tógtha aige lena dhéanamh cinnte go bhfuil dóthain daoine ar fáil in a Roinn le seirbhísí a chur ar fáil dóibh siúd ar mian leo a ngnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge leis an státseirbhís; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44379/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is iad na príomhghráid sa Roinn atá gafa le seirbhísí a sheachadadh ar phobal na Gaeilge ná na gráid a bhaineann le cigireacht na scoileanna agus le soláthar na seirbhísí síceolaíochta oideachais a chuireann An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais ar fáil do scoileanna i gceantair Ghaeltachta agus do Ghaelscoileanna. Tá 24 síceolaí oideachais sa tSeirbhís faoi láthair atá inniúil sa Ghaeilge agus a chuireann a gcuid seirbhísí proifisiúnta ar fáil trí Ghaeilge. Tá 51 cigire i Rannán Chigireacht na Scoileanna ag an mbunleibhéal agus tá 48 díobh seo freagrach as scoileanna ina múintear an siollabas trí Ghaeilge. Tá 11 de na cigirí seo freagrach as scoileanna Gaeltachta mar go bhfuil na scoileanna sin mar chuid den cheantar acu. Ag an iar-bhunleibhéal is speisialtóirí in ábhar-réimsí na cigirí den chuid is mó. Cuireann foireann na cigireachta iar-bhunleibhéal a cuid seirbhísí ar fáil chomh maith do scoileanna ina múintear an curaclam trí Ghaeilge.

Ó bunaíodh an Aonad um Oideachas Gaeltachta sa Roinn i 2017, tá seirbhísí trí mheán na Gaeilge ar fáil sa Roinn chun tacú le scoileanna Gaeltachta agus chun an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 a chur i bhfeidhm.

Faoi láthair tá dóthain de bhaill foirne proifisiúnta ann atá inniúil sa Ghaeilge chun seirbhísí proifisiúnta a sheachadadh do na scoileanna i gceist. I dteannta sin tá líon oifigigh i ngrádanna riaracháin atá ábalta plé le fiosrucháin trí mheán na Gaeilge.

Barr
Roinn