Molaim Ceisteanna Uimh. 260 go 261, cuimsitheach, a fhreagairt le chéile.
Tá rún daingean ag mo Roinn a chinntiú gur féidir freastal a mhéid is féidir ar chustaiméirí ar mian leo a gcuid gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Ba é 470 duine an líon iomlán daoine, mar Choibhéis Lánaimseartha, a bhí ag obair sa Roinn ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2018. Den líon sin, tá aon bhall foirne dhéag, nó 2.3%, in ann a gcuid dualgas a chur i gcrích sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon. Tugtar freagra sa Ghaeilge ar an gcomhfhreagras ar fad a sheoltar chuig an Roinn sa Ghaeilge agus cuirtear aon cheisteanna teileafóin ar aghaidh chuig duine de na baill foirne atá inniúil sa Ghaeilge. Luaitear sa Scéim Teanga 2015-2018 ón Roinn Sláinte go sainaithneoidh an Roinn aon phoist dá bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge ina riachtanas. Shainaithin an Roinn post amháin den sórt sin agus cheap sí ball foirne chuig an ról ina dhiaidh sin. Níl aon fholúntais ar fáil faoi láthair maidir le poist ina bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge ag teastáil.