Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foireann Roinne

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 24 October 2018

Wednesday, 24 October 2018

Ceisteanna (274)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

274. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cad iad na céimeanna atá tógtha aige lena dhéanamh cinnte go bhfuil dóthain daoine ar fáil in a Roinn le seirbhísí a chur ar fáil dóibh siúd ar mian leo a ngnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge leis an státseirbhís; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44372/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil mo Roinnse tiomanta do fhreagra a thabhairt i nGaeilge, le litir nó le ríomhphost, nuair a scríobhann custaiméir chuig mo Roinn i nGaeilge. Tá Aonad Gaeilge i bhfeidhm i mo Roinn chun aistriúcháin Ghaeilge a chur ar fáil nuair is gá. 

Tá mo Roinn tiomanta ach go háirithe d'fheabhas a chur ar na seirbhísí Gaeilge a chuirtear ar fáil i gceantair Ghaeltachta.  Tá dhá Lárionad Chuan Iascaigh ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara atá suite i gceantair Ghaeltachta.  Maidir leis na baill foirne atá sa dá oifig sin:  as an 15 bhall foirne atá ag obair sa dá oifig sin, tá 11 díobh ábalta gnó ar fad na Roinne a chur i gcrích i nGaeilge. Tá an ceathrar ball eile in ann comhrá a bheith acu i nGaeilge. Dá bhrí sin tá mo Roinn ábalta seirbhís iomlán a sholáthar trí Ghaeilge sna hoifigí dá cuid atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta. 

Le súil is cumas na Gaeilge a choinneáil agus a fheabhsú sa dá Lárionad Chuan Iascaigh sin, tá mo Roinn tiomanta do dhul i mbun oibre ar an mbonn seo a leanas maidir le gach comórtas amach anseo i gceantair Ghaeltachta.  Beidh riachtanais i dtaobh na Gaeilge agus an Bhéarla, riachtanais a bheidh ar chomhchéim, i gceist le haon chomórtas a bhaineann le poist a bheidh lonnaithe in oifig atá suite i gceantar Gaeltachta.  Déanfaidh an Roinn gach iarracht a chinntiú go mbeidh gach duine a earcaítear amach anseo in oifigí i gCeantair Ghaeltachta inniúil sa Ghaeilge.  Ní mór don Roinn fós an ceart atá aici post sa Ghaeltacht a thabhairt do dhuine nach bhfuil aon Ghaeilge aige a fhorchoimeád mura dtiocfaidh duine a bhfuil Gaeilge aige agus atá cuícháilithe chun cinn.  Táthar ag súil nach mbeidh gá sin a dhéanamh ach caithfidh an Roinn a chinntiú go gcomhlíonann sí a cuid feidhmeanna sna Lárionaid Chuanta Iascaigh. 

Ina theannta sin, le súil is a bheith ábalta é a chur ar chumas chustaiméirí atá ag iarraidh a gcuid gnó a dhéanamh i nGaeilge, tá sé phost aitheanta ag mo Roinn ina gcaithfidh na daoine sna poist sin cumas dátheangach a bheith acu.  Tá ceithre cinn de na sé phost sin lonnaithe lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta dá dtagraítear thuas. Ar ndóigh, tá baill foirne eile ar fud mo Roinne a bhfuil leibhéil éagsúla cumais acu maidir lena ngnó a dhéanamh  i nGaeilge.   

Féach an tábla thíos chun eolas a fháil maidir leis an bhfoireann a bhfuil cúrsaí Gaeilge tugtha i gcrích acu agus a bhfuil cáilíocht bainte amach acu in Inniúlacht na Gaeilge.

Bliain

Cúrsa

Coláiste

Rannpháirtithe

 

Teastas sa Ghaeilge   Ghairmiúil

Gaelchultúr Teoranta

1

2016

 

 

 

Teastas sa Ghaeilge   Ghairmiúil

Gaelchultúr Teoranta

1

 

Cúrsa Gaeilge

The   Language Centre

1

2017

 

 

 

Cúrsa Gaeilge

FEICIM

1

2018

 

 

 

Teastas i nGaeilge Ghairmiúil

Gaelchultúr Teoranta

3

 

Teastas i nGaeilge Ghairmiúil

Gaelchultúr Teoranta

23

 

Gaeilge (Meánleibhéal B1)

The   Language Centre

1

 

Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil Leibhéal 6

Gaelchultúr Teoranta

1

Barr
Roinn