Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foireann Roinne

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 24 October 2018

Wednesday, 24 October 2018

Ceisteanna (282)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

282. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil cén céadatán den státseirbhís atá inniúil chun seirbhísí in a Roinn a chur ar fáil trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44396/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is mian liom a chur in iúl don Teachta go bhfostaítear 413 ball foirne sa Roinn seo agamsa faoi láthair. Tá ceathrar ball foirne, nó 1% den líon iomlán, sainaitheanta ag Rannán na nAcmhainní Daonna mar dhaoine a bhfuil dóthain inniúlachta acu sa Ghaeilge chun seirbhísí a chur ar fáil tríd an teanga. Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, go mbaineann na huimhreacha seo leis na baill foirne siúd amháin a bhí ceaptha chuig ról ainmnithe Gaeilge, nó a earcaíodh ó phainéal Gaeilge de chuid PAS lena chinntiú go mbeadh an cumas ann chun seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Ní léiríonn siad an raon leathan líofachta atá ann i nGaeilge ag gach leibhéal den Roinn.

Barr
Roinn