Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foireann Roinne

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 24 October 2018

Wednesday, 24 October 2018

Ceisteanna (316, 317)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

316. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí cad iad na céimeanna atá tógtha aige lena dhéanamh cinnte go bhfuil dóthain daoine ar fáil in a Roinn le seirbhísí a chur ar fáil dóibh siúd ar mian leo a ngnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge leis an státseirbhís; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [44383/18]

Amharc ar fhreagra

Éamon Ó Cuív

Ceist:

317. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí cén céadatán den státseirbhís atá inniúil chun seirbhísí in a Roinn a chur ar fáil trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [44398/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Molaim Ceisteanna Uimh. 316 go 317, cuimsitheach, a fhreagairt le chéile.

Mar chuid de phróiseas pleanála lucht saothair mo Roinne, agus ionas gur féidir na gealltanais faoi Scéim Ghaeilge na Roinne a chomhlíonadh, déanann an Roinn, i gcomhairle leis na Bainisteoirí, athbhreithniú ar na láithreacha ina gceanglaítear ar an bhfoireann seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil do chustaiméirí.  Nuair a tharlaíonn folúntas i bpost i láthair ina mbíonn gá duine a bhíonn dátheangach go feidhmiúil, féachann mo Roinn lies an bpost a líonadh ó phainéil de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí (SCP).  Tá 190 duine ag fónamh faoi láthair in Oifigí Craoibhe agus in Oifigí Roinne araon atá ar fáil chun seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil.

Tá na hoifigí poiblí seo a leanas de chuid mo Roinne suite i gceantair Ghaeltachta: na Lárionaid Intreo in Acaill, sa Chlochán Liath agus i mBéal an Mhuirthead agus oifig chraoibhe Dhaingean Uí Chúis agus is féidir leis na hoifigí seo go léir seirbhís ghutháin agus seirbhís “aghaidh ar aghaidh” a chur ar fáil trí Ghaeilge .

Tá mo Roinn tiomanta do sheirbhísí ardchaighdeáin a chur ar fáil dá custaiméirí i mBéarla nó i nGaeilge, mar atá ag teastáil ón gcustaiméir agus tá ár ngealltanais ina thaobh seo leagtha amach inár Scéim Teanga. Tá ár bhfoireann eolach ar a ndualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus faoi na Rialacháin. I dtaca leis na háiteanna nach mbíonn an fhoireann a bhíonn ar fáil in ann plé le duine trí Ghaeilge, tairgtear seirbhís ateangaireachta don chustaiméir. Is féidir an tseirbhís seo, ar féidir í a shocrú faoi ghearrfhógra, a chur ar fáil i modh glao gutháin trí bhealach, nó i bpearsain, de réir mar is gá. Tá ns seirbhísí digiteacha ardáin go léir agus an t-eolas ar fad laistigh de www.MyGovid.ie  www.MyWelfare.ie  agus www.WelfarePartners.ie ar fáil dár gcustaiméirí i nGaeilge agus i mBéarla araon. Ní féidir le haon seirbhís dhigiteach teacht i bhfeidhm gan an dá theanga a bheith ar fáil go hiomlán agus a bheith feidhmiúil go hiomlán.

Thairis sin, tá mo Roinn tiomanta d’fhorbairt agus oiliúint leanúnach na foirne chun éascaíocht a dhéanamh ar sheirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge agus tá sí ag leanúint den fhoireann a spreagadh agus a éascú le leas a bhaint as raon na dtacaí agus go háirithe le freastal ar chúrsaí oiliúna Gaeilge. 

Tá freagracht ar an Aonad Pleanála Corparáidí as faireachán a dhéanamh ar fhorfheidhmiúchán Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus Scéim Teanga na Roinne agus feidhmíonn an tAonad mar rannóg idirchaidrimh le hOifig an Choimisinéara Teanga agus leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus cuireann an tAonad tuairiscí agus eolas ar fáil de réir mar is gá. 

Is deimhin liom go bhfuil dóthain foirne ar fáil faoi láthair chun freastal ar na hiarrataí ar sholáthar sheirbhísí na Roinne trí Ghaeilge.

Barr
Roinn