Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foireann Roinne

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 24 October 2018

Wednesday, 24 October 2018

Ceisteanna (80)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

80. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe cad iad na céimeanna atá tógtha aige lena dhéanamh cinnte go bhfuil dóthain daoine ar fáil in a Roinn le seirbhísí a chur ar fáil dóibh siúd ar mian leo a ngnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge leis an státseirbhís; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [43829/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is é An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (SCP), comhlacht reachtúil neamhspleách don Státseirbhís, oifig faoi choimirce mo Roinn. Chuireann an SCP comórtais seirbhisí ginearálta i bhfeidhm agus ina lán cásanna sruthanna Gaeilge a bhunú ins na comórtaisí sin.

Tá eolas maidir le líon na dtascanna ón SCP go Ranna na Státseirbhíse agus na hOifige do dhátheangaigh feidhmiúla i 2017 agus 2018 leagadh amach thíos.

Grád

2017

2018

Iomlán

OC

20

2

22

OF

4

0

4

OR

4

0

4

Árd-OF

1

0

1

PC

2

0

2

Iomlán

31

2

33

D’eagraigh SCP comórtais do dhátheangaigh feidhmiúla ar leibhéal Oifigeach Cléireachais leis an dáta deiridh ar an 11 Méan Fomhair 2018. Chuir 259 daoine isteach ar an gcomórtas i gcomporáid leis na 14,000 hiarrtais don ghnáth chomórtas d’Oifigeach Cléireachais.

Tá SCP chun comórtas eile a n-eagrú ag léibhéal Oifigeach Feidhmiúcháin.

Beidh fhios ag an Teachta Dála gur ábhar é seo a bhainenn le na Ranna agus na hOifigí aonair chun cinntiú go bhfuil a n-acmhainn acu chun freastal ar riachtanas dó siúd ar mian leo a gnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge leis an Státseirbhís.

Barr
Roinn