Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí Oileán

Dáil Éireann Debate, Thursday - 25 October 2018

Thursday, 25 October 2018

Ceisteanna (123)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

123. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe cén dul chun cinn atá déanta ag Oifig na nOibreacha Poiblí chun áit páirceála shábháilte a chur ar fáil do rothair, carráistí capall agus busanna gar do láthair Dhún Aonghusa in Árainn; cad iad sonraí na gcomhráití a bhí ag an Oifig le Comhairle Contae na Gaillimhe leis na leas-sealbhóirí eile le trí mhí anuas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44387/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar a tugadh le fios sa gceist parlaiminte níos luaithe, tá plean curtha le chéile ag Oifig na nOibreacha Poiblí chun sábháilteacht a fheabhsú ag an mbealach bóthair go dtí suíomh Séadchomhartha Náisiúnta Dún Aonghasa.

 Níl aon réiteach go fóill ar na saincheisteanna easaontais le páirtaithe leas-shealbhóirí áirithe. Cé go raibh comhráití leis an bpríomh úinéir talún, níl aon dul chun cinn déanta leis an togra.

Ta súil ag Oifig na nOibreacha Poiblí dul i dteagmháil le na leas-shealbhóirí go luath, le iarracht  a dhéanamh a theacht ar réiteach le go gcuirfí na hoibreacha riachtanach ar an mbóthar priomháideaach  san áireamh i bPlean Gnó 2019.

 Ní raibh aon chomhráití le gairid idir Oifig na nOibreacha Poiblí agus Comhairle Contae na Gaillimhe maidir leis an mbóthar poiblí chuig an suÍomh, mar go bhfuil sin taobh amuigh dá gcúram.

 

Barr
Roinn