Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cúram agus Oideachas na Luath-Óige

Dáil Éireann Debate, Thursday - 25 October 2018

Thursday, 25 October 2018

Ceisteanna (376)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

376. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist go mbeidh an tacaíocht chéanna ar fáil do na Naíonraí Gaelacha agus atá ar fáil do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta chun gur féidir leis na Naíonraí Gaelacha an réimse tacaíochta céanna a chur ar fáil do naíonraí taobh amuigh den Ghaeltacht agus a chuireann Comhar Naíonraí na Gaeltachta ar fáil taobh istigh den Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [44281/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is trí mhaoiniú ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus Foras na Gaeilge araon a chuir Forbairt Naíonraí Teoranta tacaíocht ar fáil do na naíonraí Ghaelacha go dtí lár 2014. I mí Iúil 2014, aistríodh an cúram sin chuig Gaeloideachas nuair a ceapadh é mar cheanneagraíocht chun plé le gaeloideachas, tumoideachas agus réamhscolaíocht lán-Ghaeilge.

Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil do Ghaeloideachas chun na cúraimí sin a chur i gcrích ach tuigtear dom nach bhfuil maoiniú á chur ar fáil ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige níos mó.

Tuigim ó Fhoras na Gaeilge go ndearnadh iarratas cuimsitheach leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige anuraidh i ndáil le maoiniú a chur ar fáil do na naíonra Gaelacha agus go bhfuiltear ag leanúint suas ar an iarratas sin.

Barr
Roinn