Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Íocaíochtaí Scéimeanna Talmhaíochta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 11 December 2018

Tuesday, 11 December 2018

Ceisteanna (405)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

405. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar cinneadh ar athbhreithniú atá iarrtha ag a Roinn ar chinneadh a rinne an tOifig Achomhairc Talmhaíochta maidir le hachomharc a rinne feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí tugtha); cén fáth a bhfuil moill fhada le seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [51913/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá sé deimhnithe ag an Oifig um Achomhairc Talmhaíochta go bhfuarthas achomharc ón té atá i gceist an 13 Iúil 2016. Tionóladh Éisteacht ó Bhéal an 23 Feabhra 2017. Chuir an tOifigeach um Achomhairc toradh a achomhairc in iúl don achomharcóir i litir chinnidh chuimsitheach a eisíodh an 22 Meitheamh 2017.

Fuair an Oifig um Achomhairc Talmhaíochta iarratas ó mo Roinnse seo chun cinneadh an Oifigigh um Achomhairc a athbhreithniú an 26 Iúil 2017. Tugadh cuireadh don té atá ainmnithe breithniúcháin a chur ar aghaidh ar iarratas ó mo Roinnse agus fuair an Oifig um Achomhairc Talmhaíochta a chuid breithniúchán i nDeireadh Fómhair 2017. Is éard atá i gceist le cinneadh an Oifigigh um Achomhairc a athbhreithniú ná a mheas cibé an ndearna an tOifigeach um Achomhairc botún ina chinneadh. Táthar ag déanamh gach iarracht an t-athbhreithniú seo a thabhairt chun críche chomh luath agus is féidir.

Barr
Roinn