Níl aon ról ag mo Roinn in íocaíocht den phinsean Stáit. Is é an t-aon fheidhm atá ag mo Roinn maidir le hinchur íocaíocht shochair na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Shóisialaí is ea sonraí de ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha i rith tréimhse fostaíochta iar fhostaí den Roinn seo nó d’aon cheann dá shlánaonaid mar an Roinn Tionscail agus Tráchtála nó an Roinn Saothair a sholáthar le cur ar chumas na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Shóisialaí taifid fostaí áirithe ÁSPC a dhaingniú. Tá na taifid seiceáilte ag baill de m’Aonad Pinsin agus ar bhonn na faisnéise atá curtha ar fáil, ní bhfuarthas aon iarratais le haghaidh taifid ÁPSC faoin ainm atá curtha ar fáil. Ba chóir don Teachta an cheist shainiúil sin a chur faoi bhráid an Aire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Shóisialaí.