Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí Iompair

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 18 December 2018

Tuesday, 18 December 2018

Ceisteanna (249)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

249. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé sásta ticéid taistil scoile a cheadú do scoláirí ó scoil (sonraí tugtha) le dul ar bhus poiblí Bhus Éireann ar 5.50 p.m., le deis a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh in imeachtaí iar-scoile ar nós club obair bhaile, club staidéir, ranganna breise don siollabas matamaitice, cleachtadh díospóireachtaí, peil, cispheil, rugbaí, lúthchleasaíocht agus cleachtadh aclaíochta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [53399/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Oibriúchán suntasach atá sa chóras iompar scoile agus tá sé á bhainistiú ag Bus Éireann thar ceann na Roinne.

Sa scoilbhliain 2017/18 rinneadh os cionn 117,000 leanbh, lena n-áirítear os cionn 12,000 leanbh le riachtanais speisialta oideachais, a iompar in os cionn 4,500 feithicil go laethúil chuig bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna ar fud na tíre, ina gclúdaítear os cionn 100 milliún ciliméadar go bliaintúil ar mhórchostas nach mór €190 milliún in 2017.

Is é cuspóir na Scéime um Iompras Scoile, i gcomhthéacs na hacmhainní atá ar fáil, ná tacú le taisteal leanaí, chuig agus ón scoil, a bhfuil cónaí orthu go hiargúlta ón áit ina bhfuil an scoil is gaire.

De ghnáth, bíonn leanaí incháilithe d’iompras scoile má shásaíonn siad na critéir a bhaineann le fad ón scoil agus má bhíonn siad ag taisteal chuig an scoil is gaire.

Tá Bus Éireann freagrach do phleanáil agus d’amchlárú na mbealaí don taisteal chun na scoile. Déanann Bus Éireann iarracht, laistigh de na hacmhainní atá ar fáil, a dheimhniú go mbíonn seirbhís iompras scoile ar leibhéal réasúnta ar fáil do gach leanbh incháilithe i gcomhthéacs na Scéime go náisiúnta.

Cuirtear suíocháin ar fáil chuig agus ón scoil do leanaí a bhíonn ag taisteal faoin scéim um iompras scoile ar sheirbhísí tiomnaithe don taisteal scoile nó ar sheirbhísí poiblí ginearálta atá ar an sceideal. Cuireann a leithéid seo de shocrú ar chumas leanaí freastal ar ranganna le linn na ngnáthuaireanta scoile.

Ní hionann ticéad don taisteal scoile agus gnáth-thicéad comaitéara a bhíonn bailí ar gach seirbhís phoiblí rialta ag gach am agus ní ofráiltear dá réir a leithéid. I ngeall ar na huimhreacha atá á iompar go náisiúnta, ní fhéadfaí an tsolúbthacht a sholáthar do gach leanbh incháilithe chun taisteal ar na gnáthsheirbhísí poiblí rialta, seachas mar atá leagtha amach sna téarmaí atá luaite go sonrach ar a dticéad.

Barr
Roinn