Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí Oileán

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 18 December 2018

Tuesday, 18 December 2018

Ceisteanna (681)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

681. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta go dáta maidir le forbairt na Cé in Inis Oírr; cén uair a bhfuiltear ag súil leis go dtosnófar ar an obair tógála ar an gCé; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [53405/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil dul chun cinn maith déanta maidir le forbairt Ché Inis Oírr. Le cúnamh airgid ó mo Roinn, tá innealtóirí comhairleacha ceaptha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe i ndáil leis an togra a fhorbairt. Tá obair na gcomhairleoirí ag dul ar aghaidh agus, i láthair na huaire, táthar ag réiteach doiciméid tairisceana don obair thógála. Comhthreomhar leis sin, tá roinnt suirbhéanna riachtanacha curtha i gcríoch agus socruithe á ndéanamh do roinnt eile.

Ach obair na gcomhairleoirí críochnaithe, déanfar cinneadh maidir leis an gcéad céim eile den togra i gcomhthéacs an tsoláthair airgid a bheidh ar fáil do mo Roinn ag an am sin agus faoi réir na bhforálacha atá san áireamh i gCód Caiteachais Phoiblí an Rialtais.

Barr
Roinn