Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Caiteachas Ranna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 15 January 2019

Tuesday, 15 January 2019

Ceisteanna (1212)

Dara Calleary

Ceist:

1212. D'fhiafraigh Deputy Dara Calleary den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéad airgid breise atá curtha ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ó bunaíodh an Rialtas seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [54276/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tugtar briseadh síos sa tábla thíos ar an méad airgid breise atá curtha ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ó bunaíodh an Rialtas seo:

2016

2017

2018

2019

€64.407m [1]

€60.602m

€62.595 [2]

€69.095

[1] San áireamh i bhfigiúr 2016, bhí allúntas aon-uaire de €6m le h-íoc as fhorbairt chéanna farantóireachta ar na hoileáin.

[2] Is é seo an figiúr a foilsíodh sna Meastachain Athbhreithnithe i leith 2018. Cuirfear figiúr deimhnithe ar fáil sa Chuntas Leithreasaithe a bheidh iniúchta ag an C&AG.

Is ionann iomlán an mhaoinithe don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin don bhliain 2019 agus €55.772m. Nuair a chuirtear leithdháileadh an Fhorais Teanga san áireamh, is ionann an maoiniú iomlán agus €69.095m - méadú de €6.5m ar ar an allúntas don earnáil i Meastacháin Athbhreithnithe 2018. San áireamh i leithdáileadh 2019 tá:

- €0.6m sa bhreis chun tacú le cur i bhfeidhm an Phróisis Pleanála Teanga dá ndéantar foráil in Acht na Gaeltachta 2012;

- €2.7m breise d’Údarás na Gaeltachta chun infheistíocht a dhéanamh i gcothabháil agus i gcruthú post i gceantair Ghaeltachta, rud a fhágann gurb é €9.7m an leithdháileadh iomlán caipitil don eagraíocht, €0.7m atá tugtha ar aghaidh ó 2018 san áireamh. ;

- €0.5m sa bhreis i maoiniú reatha d’Údarás na Gaeltachta chun tacú le comharchumainn agus eagraíochtaí forbartha pobail sa Ghaeltacht den chuid is mó;

- Leithdháileadh breise de €1.18m do Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta mo Roinne chun tacú tuilleadh le Próiseas Pleanála Teanga na Gaeltachta;

- Leithdháileadh breise de €0.75m do Scéimeanna Tacaíochta Teanga na Roinne lasmuigh den Ghaeltacht chun scoláireachtaí Gaeltachta a chur ar fáil do dhaltaí ó scoileanna DEIS agus chun dul chun cinn a dhéanamh i ndáil le gréasán d’Ionaid Gaeilge agus Cultúir a fhorbairt ar fud na tíre;

- Leithdháileadh breise de €1m chun forbairt a dhéanamh ar infreastruchtúr calafoirt a fhreastalaíonn ar na hOileáin Árainn agus ar Thoraigh; agus,

- Leithdháileadh breise de €0.433m chun seirbhísí riachtanacha iompair a sholáthar chuig na hoileáin.

Rachaidh an infheistíocht mhéadaithe seo don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin in 2019 i bhfeidhm go mór ar phobail Ghaeltachta, go háirithe, mar go bhfuil an chuid is mó den leithdháileadh á tabhairt do chruthú post, forbairt pobail agus pleanáil teanga sa Ghaeltacht, agus, chomh maith leis sin, d’fhorbairt na gcalafort agus na seirbhísí iompair a bhaineann leis na hoileáin.

Is fiú a nótáil chomh maith go mbeidh maoiniú caipitil de €2.8m á chur ar fáil faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe do thograí de chuid Údarás na Gaeltachta i nGaeltachtaí Dhún na nGall, Mhaigh Eo agus na Gaillimhe. Tá an maoiniú ceadaithe do thrí thogra rathúil de chuid Údarás na Gaeltachta mar seo leanas:

- €1.5m ceadaithe chun an t-urlár bairr neamhfhorbartha de gteic @Gaoth Dobhair ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair a fhorbairt agus 1,725 sq.m de spás oibre/oifigí nua a chur ar fáil;

- €548,000 chun Ionad Nuálaíochta agus Mol Digiteach gteic @An Spidéal a fhorbairt i gConamara; agus,

- €795,000 chun 8 nIonad Nuálaíochta/Moil Dhigiteacha/Láthair Barrfeabhais a fhorbairt i nGaeltacht Mhaigh Eo ag áireamh Béal an Mhuirthead, An Eachléim, Gaoth Sáile, Acaill agus Tuar Mhic Éadaigh.

Ní miste a rá gur soláthar breise é seo d’Údarás na Gaeltachta anuas ar an soláthar méadaithe de €9.7m atá curtha ar fáil ag mo Roinn don eagraíocht do 2019.

Táim sásta, mar sin, go bhfuil neart dul chun cinn déanta ag an Rialtas mar a bhaineann sé leis an réimse cúraimí atá orm i mBuiséad 2019.

Barr
Roinn